Eóin 21:15-17
Eóin 21:15-17 ABNPOLG
Ansan, nuair a ḃí bia caiṫte acu, duḃairt Íosa le Símón Peadar: A Ṡímóin ṁic Eóin, an mó do ġráḋ-sa ḋom ’ná a ngráḋ so? Duḃairt seisean leis: Iseaḋ, á Ṫiġearna, is eól duit go ḃfuil gráḋ agam duit. Duḃairt sé leis: Dein m’uain do ċoṫú. Duḃairt sé airís leis: A Ṡímóin ṁic Eóin, an ḃfuil gráḋ agat dom? Duḃairt sé leis: Tá, a Ṫiġearna, is eól duit go ḃfuil gráḋ agam duit. Duḃairt sé leis: Dein m’ uain do ċoṫú. Duḃairt sé leis an tríṁaḋ h-uair: A Ṡímóin ṁic Eóin, an ḃfuil gráḋ agat dom? Ṫáiniġ buairt ar Ṗeadar, toisg é ’ġá ráḋ leis an tríṁaḋ h-uair: An ḃfuil gráḋ agat dom? Agus duḃairt sé leis: A Ṫiġearna, tá fios gaċ uile níḋ agat-sa; tá ’ḟios agat go ḃfuil gráḋ agam duit. Duḃairt sé leis: dein mo ċaoire do ċoṫú.


![[Unboxing Psalm 23: Treasures for Every Believer] Paths of Righteousness Eóin 21:15-17 Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915, 1921 (Peadar Ua Laoghaire)](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapi.com%2Fhttps%3A%2F%2Fs3.amazonaws.com%2Fyvplans%2F35790%2F1440x810.jpg&w=3840&q=75)


