Gníoṁarṫa 16
16
CAIBIDIOL XVI.
Tugann Pól cuaird na n-eagailsí. Glaoḋtar é ċun seanmóiniġṫe i Macedonia. Sgiúrsáltar é i ḃPhilippí.
1Agus ṫainig sé go dtí Derbé agus go dti Listra. agus féaċ, ḃí sa n-áit sin deisgiobul dár ḃ’ ainim Tímoteus, mac do ṁnaoi Iúdaċ n-a raiḃ an creideaṁ aici, agus d’aṫair ġeinteaċ. 2Ṫug na bráiṫre a ḃí i Listra agus i n-Icónium teistiméireaċt ṁaiṫ ar an ḃfear san. 3Ba ṁian le Pól an fear san do ḋul leis féin, agus ḋein sé tímpallġearraḋ air mar ġeall ar na Iúdaíġ a ḃí ins na h-áiteanaiḃ sin. Óir doḃ eól dóiḃ go léir gur ġeinteaċ a aṫair. 4Agus ag gaḃáil tré sna caṫaraċaiḃ dóiḃ ṫugádar do sna daoine le cimeád na reaċta a dí déanta ag na h-Aspuil agus ag na seanóirí a ḃí i n-Ierúsalem. 5Agus mar sin ḃí na h-eagailsí d’á ndainginiú sa ċreideaṁ agus ag dul i líonṁaire lá
6Agus nuair a ḃíodar ag gaḃáil tré ċríċ Ṗrigia agus Ġalatia do ċosg an Spioraid Naoṁ iad ar ḃriaṫar Dé do laḃairt i n-Asia. 7Agus nuair a ṫánadar isteaċ i Misia ċuireadar ċun dul isteaċ i mBitinia aċ níor leos Spioraid Íosa ḋóiḃ dul ann. 8Aċ tar éis gaḃáil tré Ṁisia ċuadar síos go Tróas.
9agus do taisbeánaḋ aisling do Pól sa n-oiḋċe; fear ó Ṁacedonia n-a ṡeasaṁ, agus é ’ġá ġuiḋe, agus deireaḋ sé: Tar anall go Macedonia agus caḃruiġ linne. 10Agus nuair a ċonnaic sé an aisling do ċeapamair láiṫreaċ dul go Macedonia mar ḃíomair deiṁniġṫeaċ go raiḃ glaoiḋte ag Dia orainn ċun craoḃsgaoile ḋéanaṁ dóiḃ.
11Ċuamair an luing, ceann ar aġaiḋ ó Ṫróas go dtánamair go Samotrácé, agus go Neápolis an lá ’n-a ḋiaiḋ san, 12Agus as san go Ṗilippi, príom-ċaṫair sa ċuid sin de Ṁacedonia agus caṫair daoine iasaċta. Ṫugamair rainnt laeṫanta sa ċaṫair sin, i gcóṁairle.
13Agus lá na sabbóide ċuamair amaċ an geata i n-aice aḃan, mar ar saṁluiġeaḋ úrnuiġṫe ḃeiṫ ar siúḃal, agus do ṡuiḋeamair ann agus ḃíomair ag cainnt le mnáiḃ a ḃí cruinniġṫe ann. 14Agus ḃí bean acu agus Lídia ab ainim di agus ḃíod sí ag díol pur-puir i gcaṫair na dtiaṫírénaċ, agus bean diaḋa ab eaḋ í. D’airig sí an ċainnt agus d’osgail an Tiġearna a croiḋe ċun go n-éistfeaḋ sí le n-a raiḃ ag Pól d’á rád, 15Agus do baisteaḋ í féin agus a teaġlaċ, agus ansan d’iarr sí níd: Má ’sé ḃur meas (ar sise) go ḃfuilimse dílis do’n Tiġearna tagaiḋ isteaċ am ṫiġ agus fanaid ann. Agus ċuir sí ḟiaċaiḃ orainn dul.
16agus do ṫárla, agus sinn ag dul ċun úrnuiġṫe, go dtáinig ar an sliġe róṁainn cailín n-a raiḃ spioraid ṗútónaċ#16:16 .i. spioraid feasa agus fáistine, mar ḋ’eaḋ. inti. Agus do ġeiḃeaḋ sí mórán saiḋḃris do’n ṁuinntir go mba leó í, ag taḃairt feasa uaiṫi. 17Agus do lean sí Pól agus sinne, agus í ag liúiriġ agus deireaḋ sí: Seirḃísiġ do’n árd-Ḋia iseaḋ na fir sin, agus táid siad ag innsint sliġe ḃúr slánuiġṫe ḋaoiḃ. 18Ḃí sí ’ġá ḋéanaṁ san ar feaḋ mórán laeṫanta. Do ġoill san an Ṗól agus d’iompuiġ sé agus duḃairt sé leis an spioraid: Deirim leat, i n-ainim Íosa Críost, imṫeaċt amaċ aisti. Agus d’imṫiġ, an uair ċéadna.
19Ansan, nuair a ċonnaic an ṁuinntir go mba leó í go raiḃ deire le n-a súil leis an saiḋḃreas, do ruga-dar ar Ṗól agus ar Sílas agus do ṫugadar leó iad go h-áit an ṁargaiḋ, i láṫair na n-uaċtarán. 20Agus ċuireadar i láṫair na ngiúistísí iad agus duḃradar: Iúdaíġ iseaḋ na daoine seo, agus táid siad ag cur na caṫaraċ tré na ċéile orainn. 21Agus tá nós acu dá dteagasc náċ dleaġlaċ dúinne a ġlacaḋ, mar is Róṁánaiġ sinn. 22Agus do ċruinniġ an pobul ’n-a gcoinniḃ, agus do stracaḋ a gcuid éadaiġ, agus d’órduiġ #2 Cor. 11:25; Ṗilip. 1:13; 1 Tess. 2:2.na giúistísí gaḃáil de slataiḃ orṫa. 23Agus do buaileaḋ mórán buillí orṫa agus ansan do cuiread i bpríosún iad, agus duḃraḋ le fear an ṗríosúin iad a ċimeád go maiṫ. 24Agus nuair a fuair sé sin an t-órdú san do ċuir sé sa ċarcair ba ṡia isteaċ iad agus a gcosa daingean i gceap aḋmaid.
25I lár na h-óiḋċe, áṁṫaċ, ḃí Pól agus Sílas ag déanaṁ úrnuiġṫe agus ag molaḋ Dé, agus ḃí na príosúnaiġ ag éisteaċt leó. 26Agus go h-obann do ṫáinig luasgaḋ talṁan i dtreó go raiḃ fallaí an ṗríosúin d’á suaṫaḋ go bun. Ansan, siúd na geataí go léir ar osgailt agus na ceangalaċa sgaoilte de sna priosúnaiġ go léir. 27Do dúisiġ fear cimeádta an ṗríosúin as a ċodla agus nuair a ċonnaic sé dóirse an ṗríosúin ar osgailt ċeap sé go raiḃ na príosúnaiġ imiġṫe agus ṫarraig sé a ċlaiḋeam as a ṫruail ċun é féin a ṁarḃaḋ. 28Do liúiġ Pól air, áṁṫaċ, do ġuṫ árd agus duḃairt sé: Ná dein aon díoḃáil duit ḟéin; táimíd go léir anso. 29D’iarr sé solus agus ċuaiḋ sé isteaċ agus ċaiṫ sé é féin ag cosaiḃ Ṗóil agus Ṡílais, 30Agus ṫug sé leis amaċ iad agus dúḃairt sé: A Ṫiġearnaí, cad ’tá le déanaṁ agam ionus go saorfí me? 31Agus duḃradar-san: Creid sa Tiġearna Íosa agus beiḋ tú slán, tu féin agus do ṫeaġlaċ. 32Agus do laḃradar briaṫar an Tiġearna leis féin agus le n-a raiḃ ’n-a ṫeaġlaċ. 33Agus ṫóg sé iad an tráṫ céadna de’n oiḋċe agus do níġ sé a gcneaḋaċa, agus do baisteaḋ é féin agus a ṫeaġlaċ láiṫreaċ. 34agus ṫug sé isteaċ ’n-a ṫiġ féin iad agus ċuir sé na suiḋe ċun búird iad, agus ḃí gáirdeaċas air féin agus an a ṫeaġlaċ agus a gcreideaṁ i nDia.
35Agus nuair a ṫáinig an lá ċuir na giúistísí oificeaċa, ’ġá rád: Sgaoiliḋ uaiḃ na fir sin. 36D’innis fear cimeádta an ṗríosúin an ċainnt sin do Ṗól: Ċuir na giúistísí órdú siḃ do sgaoile ċun siúḃail; anois, dá ḃríġ sin téiġiḋ amaċ agus imṫiġiḋ i síoṫċáin. 37Duḃairt Pól leó, áṁṫaċ: Is fir Róṁánaċa#16:37 ḃrise dliġe ad eaḋ fear Róṁanaċ do sgiúrsáil. sinn. Do sgiúrsálaḋ sinn os cóṁair an ṗobuil, gan breiṫ taḃarṫa orainn, agus do cuiread i bpríosún sinn. An maiṫ leó anois sinn do ḋíbirt uaṫa a gan ḟios? Ní ḃeiḋ san mar sin. 38Tagaidís anso, Agus cuiridís féin amaċ sinn. D’innis na h-oificeaċa do sna giúistísíḃ an ċainnt sin. Ṫáinig sgannra orṫa nuair airíġdar gur ḃ’ ḟeara Róṁánaċa iad. 39Ṫánadar agus d’iarradar maiṫeaṁnaċas orṫa, agus do rugadar amaċ iad agus d’iarradar orṫa imṫeaċt as an gcaṫair. 40Aċ nuair a ċuadar-san amaċ as an dṗríosún ċuadar isteaċ i dtiġ Lídia, agus ċonnacadar na bráiṫre agus ċuireadar sólás orṫa. Ansan do ġluaiseadar ċun siúḃail.
Currently Selected:
Gníoṁarṫa 16: ABNPOLG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.