YouVersion Logo
Search Icon

Gníoṁarṫa 13

13
CAIBIDIOL XIII.
Saul agus Barnabas d’á gcur amaċ ag an Spioraid Naoṁ. Seanmóiniú acu ’a ḋéanaṁ i gCuprus agus i n-Antioċ Ṗisidia.
1Aċ ḃí sa n-eaglais, a ḃí i n-Antioċ fáiḋí agus teagasgóirí, ar a raiḃ Barnabas agus Símón, ar a dtugtí Símón Duḃ, agus Lúcius an Curénaċ agus Manaċen, cóṁḋalta Héróid an tetrarc, agus Saul. 2Agus ḃíodar ag déanaṁ gnóṫa an Tiġearna agus ag déanaṁ trosgaiḋ agus duḃairt an Spioraid Naoṁ leó: Deiġliġiḋ ċuġam Saul agus Barnabas ċun na h-oibre d’á ḃfuilid glacaiṫe agam. 3Ansan do ḋeineadar trosgaḋ agus úrnuiġṫe agus ċuireadar a láṁa orṫa-san agus ċuireadar ċun súḃail iad.
4Agus fé ṡeólaḋ an Spioraid Naoiṁ ċuadar-san go Seleúcia, agus as san, ar faraige, go Cuprus 5Agus nuair a ṫánadar go Salamis ḃíodar ag craoḃsgoile bréiṫir Dé i sinagógaiḃ na n-Iúdaċ. Agus ḃí Eóin acu sa tseirḃís, leis. 6Agus nuair a ḃí an t-oileán go léir siúḃalta acu ċóṁ fada le Paṗos, fuaradar draoi áiriṫe, fáiḋ fallsa, Iúdaċ gur ḃ’ainim dó Bar-Iésus. 7Agus ḃí sé i ḃfoċair an ṗróċonsuil, Sergius Paulus, fear ciallṁar. Ċuir sé sin fios ar Ḃarnabas agus ar Ṡaul mar ba ṁian leis briaṫar Dé do ċloisint. 8Aċ ḃí Elimas, an draoi, (óir is mar sin a míniġṫear a ainim) ag cur ’n-a gcoinniḃ, a d’iarraiḋ an próċonsuil d’iompáil ó’n gcreideaṁ. 9Aċ ḃí Saul, (tá Pól mar ainm air leis), lán de’n Spioraid Naoṁ, agus d’ḟéaċ sé air 10Agus duḃairt sé: Ó a ḟir atá lán de gaċ feall agus de gaċ éiṫeaċ, a ṁic an diaḃail a naṁaid gaċ cirt, ná stadfair de ṡliġṫiḃ díreaċa an Tiġearna do ċur bun os cionn? 11Aċ féaċ siné láṁ an Tiġearna anois ort, agus beiḋ tú ad ḋall, agus ní ḟeicfir an ġrian, go ceann tamaill. Agus le n-a linn sin do ṫuit sgamall air agus doirċeaċt, agus ḃí sé ag cuardaċ ’n-a ṫímpall féaċaint an ḃfaġad sé duine ṫaḃarfaḋ a láṁ dó. 12Ansan nuair a ċonnaic an próċonsul an níd sin do ḋein sé iongna de ṫeagasg an Tiġearna agus do ċrieid sé.
13Agus ċuaiḋ Pól agus a ṁuinntir, ar luing, ó Ṗaṗos go Pergé i bPamṗilia. #13:13 A.D. 42.Aċ d’imṫiġ Eóin uaṫa agus d’ḟill sé go Ierúsalem. 14Aċ do ċuaiḋ an ċuid eile ar aġaiḋ tré Ṗergé agus ṫánadar go h-Antioċ i bPisidia agus ċuadar isteaċ sa tsinagóig lá na sabbóide agus ṡuiḋeadar ann. 15Agus nuair a ḃí léiġead na dlíġe agus na ḃfáiḋ déanta ċuir uaċtaráin na sinagóige teaċtaireaċt ċúċa ’ġá ráḋ: A ḟeara, a ḃráiṫre, má tá agaiḃ aon ċainnt ṫeagaisg do’n ṗobul abraiḋ í.
16Ansan d’eiriġ Pól agus ḃagair sé ciúnas le n-a láiṁ agus duḃairt sé:
A ḟeara de ṡlioċt Israéil, agus siḃse go ḃfuil eagla Dé oraiḃ éistiḋ liom! 17Do ṫoiġ Dia an tsleaċta so Israéil ár n-aiṫreaċa agus d’árduiġ sé an pobul nuair a ḃíodar ’n-a gcóṁnuiġe #Exod. 1:1.i dtalaṁ na h-Éigipte agus ṫug se amaċ as an áit sin iad le #Exod. 13:21,22.láim ċóṁaċtaċ. 18#Exod. 16:3.Agus ċuir sé suas le n-a mbéasaiḃ ar feaḋ daċad blian sa ḃfásaċ. 19Agus d’ídiġ sé seaċt gcineaċa i dtalaṁ Ċanaan agus #Iosué 14:2.do rainn sé orṫa-san a gcuid tailiṁ á ċur ar ċrannaiḃ. 20#Breiṫ. 3:9.Agus ’n-a ḋiaiḋ san, tímpall ċeiṫre ċéad agus caogad blian, ṫug sé breiṫeaṁain dóiḃ, go dtí Samuél fáiḋ. 21Ansan #1 Ríġ. 8:5.d’iarradar rí agus ṫug Dia ḋóiḃ Saul mac Ċis, fear de ṫreiḃ Ḃeniamin, ar feaḋ daċad blian. 22#1 Ríġ. 13:14 agus 16:3.Ansan do ċuir sé an fear san i leiṫ taoiḃ agus ṫóg sé suas ċúċa Dáiḃid ’n-a rí, agus ṫug sé teistiméireaċt air nuair a duḃairt sé: #Salm 88:21.Tá Dáiḃid mac Iesse fáġalta agam, fear do réir mo ċroiḋe féin, fear a ċóṁlíonfaiḋ gaċ níḋ is toil liom. 23A’ síol an ḟir sin, #Isáias 11:1.do réir na geallaṁna, tá Slánuiġṫeóir taḃarṫa ag Dia d’Israél, ’sé sin Íosa. 24#Mait. 3:1; Marc. 1:4; Lúc. 3:3.Agus roime n-a ṫeaċt san do ċraoḃsgaoil Eóin ḃaiste ċun aiṫríġe do ṗobul Israéil go léir. 25Agus nuair a ḃi Eóin ag cóṁlíonaḋ a ċuarda duḃairt sé: #Mait. 3:11; Marc. 1:7; Eóin 1:27.Ni mise an t-é is dóiġ liḃ is mé, aċ féaċ tá ag teaċt am ḋiaiḋ an t-é naċ fiú mé bróga a ċos do sgaoile.
26A ḟeara, a ḃráiṫre, a ṡlioċt sleaċta Ábrahaim, agus an méid agaiḃ ar a ḃfuil eagla Dé, is ag triall oraiḃse do cuireaḋ briaṫar an tslánuiġṫe seo! 27Óir níor aiṫın muinntir Ierúsalem é, agus níor aiṫin uaisle Ierúsalem é, ná guṫana na ḃfáiḋ, bíoḋ go léiġtear iad gaċ sabbóid, agus ṫugadar breiṫ air agus ċóṁlíonadar guṫana na ḃfáiḋ. 28Agus bíoḋ ná fuaradar aon ċoir ann #Mait. 27:20,23; Marc. 15:13; Lúc. 23:21,23; Eóin 19:15.d’iarradar ar Ṗílát go leogfí ḋóiḃ é ċur ċun báis. 29Agus nuair a ḃí gaċ níḋ d’á raiḃ sgríoḃṫa ’n-a ṫaoḃ cóṁlíonta acu ṫógadar anuas de’n aḋmad é agus ċuireadar i leaċt é. 30#Mait. 28; Marc. 16; Lúc. 24; Eóin 20.Aċ do ṫóg Dia ós na mairḃ é an treas lá, 31agus ḃí sé d’á ḟeiscint ar feaḋ mórán laeṫanta ag an muinntir a ṫáinig le n-a ċois ó Ġaililí go Ierúsalem, agus atá go dtí anois ’n-a ḃfínniṫe dó i láṫair daoine. 32Agus táimíd ’á ċur i n-iúil daoiḃse cad í an ġeallaṁaint a tugaḋ d’ár n-aiṫreaċaiḃ, 33Agus conus mar atá an ġeallaṁaint sin cóṁlíonta ag Dia d’ár slioċt, mar gur aiṫḃeóḋaiġ sé Íosa, do réir mar atá sgríoḃṫa sa tarna sailm: #Salm 2:7.Is tusa mo ṁac, do ġeineas-sa ṫu an lá so. 34Aċ i dtaoḃ a ṫógáilt ós na mairḃ gan casaḋ aige airís ar ċlaoċlóḃ, duḃairt sé mar seo: #Isáias 55:3.Taḃarfad daoiḃ na neiṫe naoṁṫa dílse is le Dáiḃid. 35Agus is uime sin a deir sé i n-áit eile mar an gcéadna: #Salm 15:10.“Ní ċeadóċair do t’ Aon Naoṁṫa claoċlóḋ a ḋ’ḟeiscint.” 36Óir, nuair a ḃí a ġnó déanta ag Dáiḃid, do réir ṫoile Dé, ’n-a ġeinealaċ féin, do #3 Ríġ. 2:10.ċodail sé agus do cuireaḋ i dteannta a aiṫreaċa é, agus ċonnaic sé claoċlóḋ. 37Aċ an t-é a ṫóg Dia ós na mairḃ ní ḟeacaiḋ sé claoċlóḋ.
38Bíod a ḟios agaiḃ, dá ḃríġ sin, a ḟeara a ḃráiṫre, gur tríd sin a fógartar daoiḃre maiṫeaṁnaċas peacaí, agus (fuasgailt) ós na neiṫe ná féadfaḋ fíoraontaċt a ṫaḃairt daoiḃ i ndliġe Ṁaoise. 39Sa duine seo ġeiḃeann gaċ aoinne, a ċreideann, fíoraontaċt. 40Seaċnaiḋ, d’á ḃríġ sin, san a’ dtiocfaḋ oraiḃ an rud adeirtear ins na fáiḋiḃ: 41#Habac. 1:5.Féaċaiḋ, a luċt an neaṁṡuime, agus deiniḋ iongna, agus éagaiḋ, óir tá obair agamsa d’á oibiriú i nḃúr laeṫiḃse, obair ná creidfiḋ siḃse, má ínnseann aoinne ḋaoiḃ é.
42Agus nuair a ḃíodar ag imṫeaċt amaċ d’iarradar orṫa an ċainnt sin do laḃairt leó sa tsabbóid a ḃí ċuġainn. 43Agus nuair a dísgaoileaḋ an tsinagóg, do lean a lán de sna Iúdaíġ, agus de sna daoine iasaċta ḃí diaḋa, Pól agus Barnabas, agus do ċaḃruiġeadar-san leó agus ċóṁairliġeadar dóiḃ leanṁaint i ngnásta Dé.
44An tsabbóid a ḃí ċuġainn ṫáinig an ċaṫair go léir, náċ mór, ċun éisteaċt le briaṫar Dé. 45Ansan nuair a ċonnaic na Iúdaíġ na sluaiġte do líonadar d’ḟormad agus ḃiodar ag bréagnú na cainnte a deireaḋ Pól, go diaṁasluiġṫeaċ. 46Ansan duḃairt Pól agus Barnabas, go dána: is liḃse nár ḃfoláir dúinn briaṫar Dé do laḃairt an dtúis; aċ ó ḋiúltuiġeann siḃ dó, agus nác fiú siḃ, do réir ḃúr mbreiṫe féin, beaṫa ṡioruiḋe ḋ’ḟáġail, táimídne, féac, ag iompáil ċun na ngeinte. 47Óir seo mar a d’órduiġ an Tiġearna ḋúinn: #Isáias 49:6.Ċuireas tu mar solus do sna geintiḃ, ionus go mbeiṫeá ad áḋḃar slánuiġṫe go dtí imeall an doṁain. 48Nuair airiġ na geinte an níḋ sin ḃí áṫas orṫa agus ḃíodar ag taḃairt glóire do ḃriaṫar Dé, agus do ċreid an méid acu a ḃí roiṁ-órḋuiġṫe ċun na ḃeaṫa síoruiḋe.
49Agus do leaṫad briaṫar an Tiġearna tríd an ndúṫaiġ go léir. 50Aċ do ṡéid na Iúdaíġ fé sna mnáiḃ diaḋa onóraċa agus fé uaisiḃ na caṫaraċ agus ṁúsgladar géareanṁaint ar Ṗól agus ar Ḃarnabas agus ċomáineadar as an dtír iad. 51#Mait. 10:14; Marc. 6:11; Lúc. 5:9.Agus ḋeineadar-san ceó a gcos do ċroṫaḋ ’n-a gcoinniḃ agus ṫánadar go h-Icónium. 52Agus do líonad na deisgiobuil le sólás agus leis an Spioraid Naoṁ.

Currently Selected:

Gníoṁarṫa 13: ABNPOLG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in