YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 96

96
Salm 96.
Cantate Domino.
1Canaigí don Tiarna aṁrán úrnua: canaigí don Tiarna, a ḋoṁain uile.
2Canaigí don Tiarna, agus molaigí a Ainm: bígí ag insint a ṡlánaiṫe ó lá go lá.
3Noċtaigí a onóir do na págánaiġ: agus a iontais do na daoine go léir.
4Óir tá an Tiarna ċoṁ mór sin naċ féidir a ṁolaḋ mar is cóir: is mó ineaglaiṫe é ná a ḃfuil de ḋéiṫe ann.
5Níl i ndéiṫe uile na bpágánaċ aċ láṁḋéiṫe: aċ is é an Tiarna a rinne na neaṁa.
6Bíonn an ġlóir agus an gradam os a ċoinne: bíonn an ċuṁaċt agus an onóir ina ṡanctóir.
7Luaigí leis an Tiarna, a aicmí na ndaoine: luaigí leis an Tiarna gradam agus cuṁaċt.
8Tugaigí don Tiarna an onóir is dual dá Ainm: tugaigí taḃartais liḃ agus tagaigí isteaċ ina ċúirteanna.
9Aḋraigí an Tiarna go hálainn naofa: bíoḋ a uaṁan ar an doṁan uile.
10Insígí i measc na bpágánaċ gurb é an Tiarna is Rí ann: agus gurb é a ḋaingniġ an ċruinne go naċ féidir a corraí; agus conas a ṫaḃarfaiḋ sé breiṫiúnas fíréanta ar na daoine.
11Bíoḋ lúċáir ar na neaṁa, agus áṫas ar an talaṁ: tógaḋ an ṁuir agus a ḃfuil inti gáir.
12Bíoḋ lúċáir ar an maċaire agus a ḃfuil air: beiḋ átas ar ċrainn uile na coille roiṁ an Tiarna.
13Óir tá sé ag teaċt, ag teaċt le breiṫiúnas a ṫaḃairt ar an talaṁ: le breiṫiúnas fíréanta a ṫaḃairt ar an doṁan, agus breiṫiúnas fírinneaċ a ṫaḃairt ar na daoine.

Currently Selected:

Na Sailm 96: OC1965G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Na Sailm 96