Na Sailm 57
57
Salm 57.
Miserere mei, Deus.
1Bíoḋ trócaire agat orm, a Ḋia, bíoḋ trócaire agat orm, ós asat atá dóċas mʼanama: ġeoḃaiḋ mé dídean faoi scáṫ do sciaṫán, go n‑imí an tíorántaċt seo ṫarainn.
2Glaofaiḋ mé ar an Dia is Airde: ar an Dia céanna a ḋéanfas an ċúis atá idir láṁa agam a ċur i ḃfeiḋm.
3Cuirfiḋ sé síos ó neaṁ: agus taḃarfaiḋ sé slán mé ó aiṫis an té atá ar tí mo ṡlogṫa.
4Cuirfiḋ Dia amaċ a ṫrócaire agus a ḟírinne: tá mʼanam sa i measc na leon.
5Táim i mo luí i measc clann na ndaoine, a ċuaiġ trí ṫine: bíonn sleánna agus saiġeada acu mar ḟiacla, agus claíoṁ géar acu mar ṫeanga.
6Éiriġ in airde, a Ḋia, os cionn na neaṁ: agus éiríoḋ do ġlóir os cionn an talaiṁ uile.
7Ċuireadar líon roiṁ mo ċosa, agus is íseal a ṫuga dar mʼanam: ṫoċladar poll roṁam, agus ṫiteadar féin ina lár.
8Is daingean mo ċroí, a Ḋia, is daingean mo ċroí: beiḋ mé ag cantaireaċt agus ag seinm do ṁolta.
9Dúisiġ, mo ġlóir; dúisígí a ċruit ʼs a ċláirseaċ: is luaṫ luaṫ a ḃeiḋ mé féin i mo ḋúiseaċt.
10Taḃarfaiḋ mé buíoċas leat, a Ṫiarna, i measc na gciníoċa: agus beiḋ mé ag cantaireaċt duit i measc na náisiún.
11Óir bíonn méid do ṫrócaire ċoṁ hard leis na neaṁa: agus sroiċeann dʼḟírinne go dtí na néalta.
12Éiriġ in airde, a Ḋia, os cionn na neaṁ: agus éiríoḋ do ġlóir os cionn an talaiṁ uile.
Currently Selected:
Na Sailm 57: OC1965G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965