YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 52

52
Salm 52.
Quid gloriaris?
1Cad ċuige a mbíonn tú ag maíoṁ, a ṫíoránaiġ: go ḃfuil ar do ċumas olc a ḋéanaṁ?
2Aċ dá ainneoin sin uile: maireann maiṫeas Dé gaċ lá.
3Cumann do ṫeanga urċóid: agus gearrann tú le bréaga mar le géarscian ḃearrṫa.
4Bʼansa leat an neaṁḟíréantaċt ná an ṁaiṫeas: agus bʼḟearr leat laḃairt ar ḃréaga ná laḃairt ar an ḃfíréantaċt.
5Ba ḃreá leat gaċ focal is mó a ḋéanfaḋ doċar a laḃairt: a ṫeanga na bréige.
6Dá ḃrí sin scriosfaiḋ Dia go deo tú: béarfaiḋ sé ort, agus tógfaiḋ sé as dʼionad cónaiṫe tú, agus tarraingeoiḋ sé as do ṗréaṁaċa tú as talaṁ na mbeo.
7Agus feicfiḋ an fíréan an ní sin, agus beiḋ eagla air: agus déanfaiḋ sé gáire fonóideaċ faoi.
8Féaċ, siúd an fear nár ġlac Dia mar a neart: aċ a ċuir a ḋóċas i méid a ṁaoine, agus a neartaiġ é féin ina urċóid.
9Aċ bímse mar ċrann ġlas ola i dteaċ Dé: tá mo ḋóċas as maoṫ‑ṫrócaire Dé go saol na saol.
10Beiḋ mé ag taḃairt buíoċais duit go deo as a ndearna tú: agus beiḋ mo ḋóċas as dʼAinm, ós é is fearr le do naoiṁ.

Currently Selected:

Na Sailm 52: OC1965G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in