Na Sailm 132
132
Salm 132.
Memento, Domine.
1A Ṫiarna, cuiṁniġ ar Ḋáiḃí: agus ar a ḃfuair sé de ḃuaireaṁ;
2Mar ṫug sé a ṁionn don Tiarna: agus a ṁóid do Ḋia Uileċuṁaċtaċ Iácóib;
3Ní ṫiocfaiḋ mé faoi ḋíon mo ṫí: ná ní raċaiḋ mé suas i mo leaba;
4Ní ligfiḋ mé don suan teaċt ar mo ṡúile, ná don ċodlaḋ teaċt ar mʼḟaḃraí: ná do ċamóga mo ċinn a suaiṁneas a ḟáil;
5Go ḃfaiġe mé ionad don Tiarna: cónaí le haġaiḋ Dé cuṁaċtaiġ Iacóib.
6Féaċ, ċualamar tráċt air in Efráta: agus fuaireamar é sa ċoill.
7Raċaimid isteaċ ina ṫabarnacal: agus feacfaimid glún go híseal roiṁ stól a ċos.
8Éiriġ, a Ṫiarna, ag triall ar do ṡuí suaiṁnis: tusa, agus airc do ċuṁaċta.
9Bíoḋ an ḟíréantaċt ar do ṡagairt mar éadaċ: agus do naoiṁ ag canaḋ ceoil le méid a lúċáire.
10As uċt Ḋáibí, do ṡeirḃíseaċ: ná diúltaiġ do ġnúis do dʼungṫaiġ.
11Ṫug an Tiarna mionn dílis do Ḋáiḃí: agus cuirfiḋ sé gan teip lena ḟocal;
12Is é toraḋ do ċolainne: a ċuirfiḋ mé ina ṡuí ar do ċaṫaoir ríoga.
13Má ċoinníonn do ċlann mo ċonraḋ, agus mʼḟianaisí a ṁúinfeas mé dóiḃ: beiḋ a gclann siúd fós ina suí ar do ríċaṫaoir go deo.
14Óir ṫoġ an Tiarna Síón mar áitreaḃ dó féin: is í a ṡantaiġ sé.
15Beiḋ seo agam mar ṡuí suaiṁnis: anseo a raċas mé a ċónaí, óir is ann a ḃíos mo ḋúil.
16Beannóiḋ mé agus méadóiḋ mé a bia di: agus taḃarfaiḋ mé a sá dá boċta.
17Cuirfiḋ mé an tsláinte mar ṁaise ar a sagairt: agus beiḋ a naoiṁ ag déanaṁ gairdis agus ag canaḋ ceoil.
18Taḃarfaiḋ mé bláṫ ar ḃeann Ḋáiḃí san áit sin: tá lóċrann ullṁaiṫe agam le haġaiḋ mʼungṫaiġ.
19Dála a naiṁde, ní ḃeiḋ orṫu uaim aċ an náire: aċ caiṫfiḋ sé féin a ċoróin faoi ḃláṫ.
Currently Selected:
Na Sailm 132: OC1965G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965