Na Sailm 102
102
Salm 102.
Domine, exaudi.
1Éist lem urnaí, a Ṫiarna: tagaḋ mo ġlaoċ ċugat.
2Ná ceil do ġnúis orm in am mo ḃuarṫa: claon do ċluas ċugam nuair a ġlaoim; taḃair éisteaċt dom gan ṁoill.
3Óir bíonn mo laeṫanta ag imeaċt mar ṫoit: agus dóḋ mo ċnáṁa ina n‑aiḃleog.
4Tá mo ċroí caite síos agus críon mar ḟéar: gur ḋearmad liom mʼarán a iṫe.
5Le glór mʼosna: is ar éigean a ġreamóiḋ mo ċnáṁa do mʼḟeoil.
6Táim mar ṗeileacán a ḃíos san ḟásaċ: agus mar ulċaḃán ar uaigneas.
7Dʼḟan mé i mo ḋúiseaċt, go ḃfuilim mar ġealḃan: ina ṡuí ina aonar ar ṁullaċ an tí.
8Bíonn mo naiṁde do mo ċáineaḋ ar feaḋ an lae: agus an dream atá ar mire liom ṫug siad mionn le ċéile im éadan.
9Óir dʼiṫ mé luaiṫe mar arán: agus ṡnaiṫ mé deora le mo ḋeoċ.
10Agus tá sin aṁlaiḋ de ḃarr do ḋíḃeirge agus dʼḟíoċa: ó nár ṫóg tú ċugat mé aċ go gcaiṫfeá uait mé.
11Tá mo laeṫanta imiṫe mar scáil: agus bímse críon mar ḟéar.
12Aċ mairfiḋ tusa, a Ṫiarna, go deo: agus mairfiḋ do ċuiṁne ar feaḋ a dtiocfaiḋ de ġlúna.
13Éireoiḋ tú, agus beiḋ trócaire agat do Ṡíón: óir tá sé in am agat trócaire a ḃeiṫ agat uirṫi, is deiṁin go dtáinig an t‑am ċuige.
14Agus an fáṫ? De ḃrí gur cuiṁneaċ le do ṡeirḃísiġ a cloċa: agus gur trua leo a feiceáil ar lár.
15Beiḋ eagla dʼAinm ar na págánaiġ, a Ṫiarna: agus eagla ar ríṫe uile an talaiṁ roiṁ do ṁórgaċtsa;
16Nuair a atógfaiḋ an Tiarna Síón: agus a ṫaispeánfar a ġlóir;
17Nuair a ċlaonfaiḋ sé ċuig urnaí na mboċt dealḃ: agus naċ boċt leis a n‑iarratas.
18Cuirfear seo i scríḃinn le haġaiḋ a dtiocfaiḋ inár ndiaiḋ: agus beiḋ a dtiocfaiḋ ar an saol ag molaḋ an Tiarna.
19Óir dʼḟéaċ sé anuas as a ṡanctóir: dʼaṁarc an Tiarna ó neaṁ ar an talaṁ.
20Go n‑éistfeaḋ sé le gearán luċt na broide: agus go ḃfuasclóḋ sé an dream dá ḃfuil an bás i ndán;
21Go ḃfoilsí siad Ainm an Tiarna i Síón: agus a ċlú in Iarúsalem;
22Nuair a ċruinneofar na ciníoċa: agus na ríoċta, ionas go ndéana siad seirḃís don Tiarna.
23Ċloíġ sé mo neart ar mʼaistear: agus ġiorraiġ sé mo laeṫanta.
24Aċ dúirt mé, A Ḋia liom, ná fuadaiġ mé i lár mo ṡaoil: agus a rá go maireann do ḃlianta ar feaḋ na n‑uile ġlún.
25Is tú, a Ṫiarna, a ċuir bun an doṁain ar dtús: agus is saoṫar do láṁ iad na neaṁa.
26Raċaiḋ siadsan ar neaṁní, aċ mairfiḋ tusa: éireoiḋ siad sean agus caite mar ḃall éadaiġ.
27Agus cuirfiḋ tú uait iad mar ċuirfeá fallaing uait, agus tiocfaiḋ aṫrú orṫu: aċ bíonn tusa mar an gcéanna agus ní ṫeipfiḋ ar do ḃlianta.
28Fanfaiḋ clann do ṡeirḃíseaċ: agus daingneofar seasaṁ a síl id aṁarc.
Currently Selected:
Na Sailm 102: OC1965G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965