Rómhánach 11
11
1Adeirim d’á ḃriġ sin, Ar ḋiúltuiġ Dia d’á ṗobal? Nár leigiḋ Dia é. Óir is Israelíteaċ mé féin, duine de ṡlioċt Abraċaim, de ṫreiḃ Ḃeniamín. 2Níor ḋiúltuiġ Dia d’á ṗobal d’aiṫin sé roiṁ ré. Naċ eol daoiḃ briaṫra na Scrioptúra, mar tráċtar ar Élias? cionnas mar ṗléiḋ sé le Dia i n‐aġaiḋ Israel, 3A Ṫiġearna, atá t’ḟáiḋí marḃṫa aca, atá t’altóra leagṫa aca: agus ní ḟuil fágṫa aċt mise im’ aonar, agus táid ag sanntú m’anma. 4Aċt cia an freagra ṫug Diá air? D’ḟágas seaċt míle fear agam féin go fóill, fir nár lúb glún roiṁ Ḃáal. 5Ar an gcuma ċéadna sin, san am atá de láṫair, atá fuiġleaċ fágṫa do toġaḋ tré ġrása. 6Agus má’s tré ġrása é, ní tré oibreaċaiḃ é a ṫuilleaḋ: nó ní ḃéiḋ grása ’n‐a ġrása ’n‐a ḋiaiḋ sin. 7Créad eile? An niḋ go ḃfuil Israel ar a lorg, ní ḃfuair sé é; aċt fuair siad‐san do toġaḋ é, agus do cruaiḋeaḋ an ċuid eile aca: 8mar tá scríoḃṫa, Ṫug Dia spiorad trom‐ṡuain dóiḃ, súile gan raḋarc, agus cluasa gan éisteaċt, go dti an lá so. 9Agus adeir Dáiḃí,
Go ndéantar dol, agus gaiste d’á mbórd,
Agus ceap tuisliḋ, agus díoġaltas dóiḃ:
10Go ndalltar a súile, ċum naċ ḃfeiciḋ siad,
Agus cuir a ndromanna ar crom i gcóṁnaiḋe.
11Adeirim, mar sin, Ar baineaḋ tuisleaḋ asta ċum go dtuitfidís? Nár leigiḋ Dia é: aċt de ḃárr a dtuitme is eaḋ ṫáinig slánuġaḋ ċum na gCineaḋaċ, ċum Israel do ġríosaḋ ċum éada. 12Agus má’s saiḋḃreas do’n tsaoġal a dtuitim‐sean ar gcúl, agus má’s é saiḋḃreas na gCineaḋaċ a laġdú‐san, naċ móide go mór é a dteaċt i gcríċ? 13Óir is liḃ‐se, a Ċineaḋaċa, atáim ag laḃairt, san méid gur mise abstal na gCineaḋaċ, móruiġim m’oifig: 14d’ḟéaċain, má’s féidir ḋom, ar ċor ar biṫ, mo ḃráiṫre do réir feola do ḃrostú ċum éada, agus cuid aca do ṡlánú. 15Óir má’s é réiḋteaċ an tsaoġail ṫáinig as diúltaḋ ḋóiḃ, créad ḃéas ann, má glactar leo aṫuair, aċt beaṫa ó na marḃaiḃ? 16Agus má tá an ċéad ċuid (de’n taois) naoṁṫa, atá an cnap uile naoṁṫa, agus má tá an ḟréaṁ naoṁṫa, atá na géaga naoṁṫa mar an gcéadna. 17Aċt má tá cuid de na géagaiḃ briste, agus gur nóduiġeaḋ ṫusa ’n‐a measc, ar mbeiṫ ḋuit id’ ola‐ċrann fiaḋain, rann‐ṗáirteaċ leo i ḃfréiṁ agus i suġ an ola‐ċrainn: 18ná déan maoiḋṁeaċas i n‐aġaiḋ na ngéag. Aċt má ġníonn tú maoiḋṁeaċas, ní tusa atá mar ṫaca leis an ḃfréiṁ, aċt is í an ḟréaṁ atá mar ṫaca leat‐sa. 19Adéarfaiḋ tú annsin, Do briseaḋ na géaga ċum go nódóċaiḋe mise isteaċ. 20Is fíor sin: aċt is de ḋeascaiḃ mí‐ċreidiṁ do briseaḋ iad de, agus is tré ċreideaṁ ṡeasas tusa. Ná bí mór‐ḋálaċ, aċt bíoḋ eagla ort: 21óir munar spáráil Dia na géaga dúṫċasaċa, ní móide go spáráilfiḋ sé ṫusa. 22Féaċ anois maiṫeas agus buirbe Dé; a ḃuirbe do na daoiniḃ do ṫuit; aċt a ṁaiṫeas duit‐se, má ċlaoiḋeann tú le n‐a ṁaiṫeas: muna gclaoiḋeann, gearrfar ṫú ḋe, mar an gcéadna. 23Agus nódóċar iad‐san isteaċ, leis, muna gclaoiḋid le mí‐ċreideaṁ: óir atá ar ċumas Dé iad do nódú isteaċ aṫuair. 24Óir má gearraḋ ṫú d’ola‐ċrann atá fiaḋain de réir dúṫċais, agus má nóduiġeaḋ ṫú, i n‐aġaiḋ dúṫċais, i n‐ola‐ċrann maiṫ; naċ mó ’ná sin go mór nódóċar iad‐san, géaga dúṫċasaċa, ’n‐a n‐ola‐ċrann féin?
25Óir níorḃ áil liom, a ḃráiṫre, gan fios na rúindiaṁaire seo ḃeiṫ agaiḃ, ar eagla go n‐éireoċaḋ siḃ glic ’n‐ḃur saoḃ‐ṫuairim féin, is é sin go ḃfuil cruaḋaḋ tagṫa ar ċuid de ṁuinntir Israel, nó go dtagaiḋ an t‐iomlán de na Cineaḋaċaiḃ isteaċ; 26ar ċuma go slánóċar Israel ar fad: de réir mar tá scríoḃṫa,
Tiocfaiḋ as Síon an Fuascaltóir:
Tionntóċaiḋ sé neiṁḋiaḋaċt ó Iácób:
27Agus is é seo mo ṫiomna ḋóiḃ,
Nuair ġlanfad a bpeacaiḋe ḋíoḃ.
28I dtaoḃ an tsoiscéil, atáid‐sean ’n‐a náiṁdiḃ ar ḃur son‐sa: aċt i dtaoḃ an toġa, atá gráḋ ag dul dóiḃ ar son na sinnsear. 29Óir ní ṫéiġeann Dia siar ar a ḃronntanaisiḃ agus ar a ġairm. 30Mar an gcéadna ḃí siḃ‐se easuṁal do Ḋia roiṁe seo, aċt fuair siḃ trócaire anois tré n‐a n‐easuṁlaċt‐san, 31mar an gcéadna ḃíodar‐san easuṁal, ċum go ḃfaiġdís trócaire de ḃárr na trócaire tugaḋ ḋaoiḃ‐se. 32Óir do ċuir Dia an uile ḋuine i nglasaiḃ an ṁí‐ċreidiṁ, ċum go ndéanfaḋ sé trócaire ar an uile ḋuine.
33Ó naċ doiṁin é saiḋḃreas eagna agus eolais Dé! naċ do‐rannsuiġṫe iad a ḃreiṫeaṁnaċais, naċ do‐lorgṫa iad a ṡliġṫe! 34Cia h‐é go raiḃ eolas eagna an Tiġearna aige? nó cia h‐é do ḃí ’n‐a ċóṁairleoir aige? 35Nó cia h‐é ṫug niḋ ar dtús dó, agus go ḃfaiġiḋ sé cúiteaṁ d’á ḃárr? 36Óir is uaiḋ‐sean, agus is ṫríd‐sean atá an uile niḋ ann. Aige‐sean go raiḃ an ġlóir go síorraiḋe. Amen.
Currently Selected:
Rómhánach 11: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.