Taisbeanádh 15
15
1Agus do ċonnacas cóṁarṫa mór eile ar neaṁ, cóṁarṫa mór, iongantaċ, seaċt n‐aingle agus seaċt bpláiġeanna aca, na pláiġeanna deireannaċa óir is leo‐san cóiṁlíontar díḃeirg Dé.
2Agus do ċonnacas mar ḃéaḋ fairrge ġloine, agus í meascṫa le teiniḋ; agus iad‐san ṫáinig go buaḋaċ ó’n ainṁiḋe, agus ó n‐a íoṁáiġ, agus ó uiṁir a ainme, ’n‐a seasaṁ le h‐ais na fairrge gloine, agus cláirseaċa Dé aca. 3Agus do ḃíodar ag canaḋ aṁráin Ṁaoise seirḃísiġ Dé, agus aṁráin an Uain, g‐á ráḋ, Is mór, iongantaċ iad t’oibreaċa, a Ṫiġearna, a Ḋia Uile‐ċuṁaċtaiġ. Is cóir, fírinneaċ iad do ṡliġṫe, a Riġ na gciniḋeaċ. 4Cia h‐é naċ mbéiḋ eagla air róṁat, a Ṫiġearna, agus naċ dtiuḃraiḋ glóir dot’ ainm? Óir is tusa aṁáin atá naoṁṫa; agus tiocfaiḋ na ciniḋeaċa uile agus sléaċtfaiḋ siad róṁat; óir atá do ḃreiṫeaṁnaisí lán‐ḟoillsiġṫe.
5Agus tar éis na neiṫe seo do ḋearcas, agus do fosclaḋ teampall tabernacail na fiaḋnaise ar neaṁ: 6agus na seaċt n‐aingle go raiḃ na seaċt bpláiġeanna aca, ṫáinig siad amaċ as an teampall, línéadaċ glan‐úr umpa, agus creasa óir i dtimċeall a n‐uċt orṫa. 7Agus ṫug ceann de na ceiṫre h‐ainṁiḋṫiḃ seaċt soiṫiġe óir do na seaċt n‐aingliḃ, agus iad lán de ḋíḃeirg Dé ṁaireas go saoġal na saoġal. 8Agus do líonaḋ an teampall de ḋeataċ ó ġlóir Dé, agus ó n‐a ċuṁaċt; agus níor ḟéad aoinneaċ dul isteaċ san teampall nó go raiḃ deireaḋ déanta de ṡeaċt bpláiġeannaiḃ na seaċt n‐aingeal.
Currently Selected:
Taisbeanádh 15: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.