Taisbeanádh 12:3-4
Taisbeanádh 12:3-4 JOYNTG
Agus do noċtaḋ cóṁarṫa eile san spéir; agus féaċ, dragún mór dearg, go raiḃ seaċt gcloigne agus deiċ n‐aḋarca aige, agus do ḃí seaċt gcoróineaċa ar na cloigniḃ. Agus do ṫarraing a earball an treas cuid de réaltanaiḃ na spéire ’n‐a ḋiaiḋ, agus do ṫeilg sé ċum na talṁan iad: agus do ṡeasuiġ an dragún os cóṁair na mná do ḃí ar tí an leanḃ do ḃreiṫ, ċum go sluigfeaḋ sé an leanḃ ċóṁ luaṫ agus béarfaí é.





