Bible App logo
Search Icon

Taisbeanádh 12:14-16

Taisbeanádh 12:14-16 JOYNTG

Agus tugaḋ ḋá sciaṫán an iolair ṁóir do’n ṁnaoi, ċum go dteiċfeaḋ sí go dtí n‐a h‐áit féin san ḃfásaċ, mar a mbeaṫuiġtear í ar feaḋ tréiṁse, agus ḋá ṫréiṁse, agus leaṫ‐tréiṁse i ḃfad ó aġaiḋ an dragúin. Agus do ċaiṫ an naṫair niṁe uisce mar aḃainn amaċ as a ḃéal i ndiaiḋ na mná, ċum go scuabfaḋ sí ċum siuḃail í leis an sruṫ. Agus do ċuidiġ an talaṁ leis an mnaoi, agus d’ḟoscail an talaṁ a béal agus do ṡluig sí siar an aḃa do ḃí caiṫte ag an dragún amaċ as a ḃéal.

Free Reading Plans and Devotionals related to Taisbeanádh 12:14-16