Chum Filéamóin 1
1
1Pól, príosúnaċ ar son Íosa Críost, agus Timóteus ár mbráṫair, ċum Filéamóin, cara ionṁain agus cóṁ‐oibriḋe linn, 2agus ċum Apfia, ár siur, agus ċum Arċippuis ár gcóṁ‐ṡaiġdiúir, agus ċum na h‐eaglaise atá id’ ṫiġ: 3Grása ċugaiḃ agus síoṫċáin ó Ḋia ár nAṫair agus ó’n Tiġearna Íosa Críost.
4Do‐ḃeirim buiḋeaċas lem’ Ḋia, ag cuiṁneaṁ i gcóṁnaiḋe ort im’ urnaiġṫiḃ, 5toisc gur clos dom an creideaṁ atá agat do’n Tiġearna Íosa, agus do ġráḋ do na naoṁaiḃ go léir; 6ag guiḋe go mbéaḋ an creideaṁ ’n‐a ḃfuil tú i gcóṁar leo éifeaċtaċ ar son Ċríost ċum a ḃfuil de ṁaiṫeas ionnainn do ċur i n‐uṁail go h‐iomlán. 7Óir ba ṁór an t‐aḋḃar áṫais agus sóláis dom do ġráḋ‐sa a ḃráṫair, toisc gur tógaḋ croiḋeaċa na naoṁ tríot.
8Ar an aḋḃar sin, giḋ go ḃfuil gaċ dánaiḋeaċt agam i gCríost ċum an niḋ is cuiḃe d’órdú ḋuit, 9is é is fearr liom impiḋe do ḋéanaṁ ort, ar son an ġráḋa, agus gur mise Pól atá im’ ṡean‐ḟear, agus im’ ṗríosúnaċ anois ar son Íosa Críost: 10atáim ag déanaṁ impiḋe ort ar son mo ṁic do ġeineas im’ ċuiḃreaċaiḃ, Onésimus, 11do ḃí gan tairḃe ḋuit tamall ó ṡoin, aċt atá tairḃeaċ dúinne araon anois. 12Tá sé féin curṫa agam ar ais ċugat, agus gur ab é mo ċroiḋe istiġ féin é. 13Ba ṁian liom a ċongḃáil agam féin ċum go ndéanfaḋ sé seirḃís dom it’ ionad‐sa i gcuiḃreaċaiḃ an tsoiscéil: 14aċt níor ṁaiṫ liom rud ar biṫ do ḋéanaṁ gan fios d’aigne ḃeiṫ agam; ċum naċ ndéanfá do ḋeaġ‐ġníoṁ ded’ aiṁḋeoin, aċt ded’ ḋeoin féin. 15Óir dob’ ḟéidir gurḃ aṁlaiḋ do ḃí sé scarṫa leat ar feaḋ tréiṁse ċum go mbéaḋ sé agat go deo; 16ní mar ṡeirḃíseaċ feasta, aċt mar ḋuine is mó ’ná seirḃíseaċ, mar ḃráṫair ionṁain, ionṁain liom‐sa, go mórṁór, aċt gur mó is annsa leat‐sa é san ḃfeoil agus san Tiġearna. 17Mar sin de, már áirṁeann tú mise mar ċomrádaiḋe, glac ċugat é mar ġlacfá mé féin. 18Agus má tá éagcóir ar biṫ déanta aige ort, nó má ḋliġeann sé éinniḋ ḋuit, cuir síos i gcoinniḃ mo ċunntais‐se é; 19mise Pól atá g‐á scríoḃaḋ lem’ láiṁ féin, íocad‐sa as: gan a ċur i gcuiṁin duit go ndliġir‐se d’anam féin dom. 20Mar sin, a ḃráṫair, cuir fá’n gcomaoin seo mé san Tiġearna: taḃair suaiṁneas dom i gCríost. 21Toisc muiniġin ḃeiṫ agam as d’uṁlaċt is eaḋ atáim ag scríoḃaḋ ċugat, agus a ḟios agam go ndéanfair ṫar mar deirim. 22Aċt, ar an am céadna ullṁuiġ lóistín dom: óir atá súil agam go mbronnfar mé oraiḃ de ḃárr ḃur n‐urnaiġṫe.
23Beannuiġeann Epafras, cóṁ‐ṗríosúnaċ liom i nÍosa Críost, duit; mar aon le 24Marcus, Aristarċus, Démas agus Lúcás, cóṁ‐oibriḋṫe liom.
25Go raiḃ grása ár dTiġearna Íosa Críost ag ḃur spiorad. Amen.
Currently Selected:
Chum Filéamóin 1: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.