Chum na nEiféiseach 3
3
1Ar an aḋḃar sin, mise Pól, príosúnaċ Íosa Críost ar ḃur son‐sa, 2Cineaḋaċa — má’s fíor go gcualaḃar cionnas mar cuireaḋ de ḋualgas orm grása Dé do ḋáileaḋ oraiḃ; 3cionnas mar foillsiġeaḋ an rúindiaṁair tré ṫaisbeánaḋ ḋom, mar scríoḃas ċeana go h‐aiṫġearr, 4ó n‐a ḃféadann siḃ, g‐á léiġeaṁ ḋaoiḃ, m’eolas ar ruindiaṁair Ċríost do ṫuigsin; 5nár foillsiġeaḋ do ċlannaiḃ daonna ins na h‐aoisiḃ eile, fá mar tá sé foillsiġṫe anois d’á naoṁ‐abstalaiḃ agus d’á naoṁ‐ḟáiḋiḃ tríd an Spiorad: 6is é sin go ḃfuil na Cineaḋaċa ’n‐a gcóṁ‐oiḋriḃ, agus ’n‐a gcóṁṗáirtiḋṫiḃ san ngeallaṁain atá i nÍosa Críost tríd an soiscéal, go ndearnaḋ seirḃíseaċ díom‐sa ḋe, 7do réir bronntanais grása Dé tugaḋ ḋom tré ḃriġ a ċuṁaċta. 8Dáṁ‐sa, atá níos luġa ’ná an té is luġa de na naoṁaiḃ go léir, tugaḋ an grása so, ċum saiḋḃreas do‐ċuarduiġṫe Ċríost do ṡeanmorú do na Cineaḋaċaiḃ; 9agus a ċur i dtuigsin cionnas mar dáileaḋ an rúindiaṁair do ḃí fá ċeilt leis na ciantaiḃ i nDia do ċruṫuiġ gaċ uile niḋ; 10ċum go ndéanfaiḋe il‐eolas Dé soiléir tríd an eaglais do na h‐uaċtaránaiḃ agus do na cuṁaċtaiḃ ins na h‐áiteannaiḃ neaṁḋa, 11do réir a raiḃ ceapṫa aige leis na ciantaiḃ i nÍosa Críost ár dTiġearna: 12tré n‐a ḃfuil dánaiḋeaċt agus sliġe againn ċum teaċt ċuige de ḃarr ár gcreidiṁ ann. 13D’á ḃriġ sin iarraim oraiḃ gan dul i laige mar ġeall ar mo ṗiantaiḃ ar ḃur son: is iad ḃur nglóir iad.
14Ar an aḋḃar sin feacaim mo ġlúna roiṁ an Aṫair, 15ó n‐a n‐ainmniġtear gaċ cineaḋ d’á ḃfuil ar neaṁ agus ar talaṁ, 16ċum go dtiuḃraiḋ sé ḋaoiḃ do réir saiḋḃris a ġlóire, ḃeiṫ neartuiġṫe go bríoġṁar tríd a Spiorad san anam istiġ; 17ċum go ndéanaiḋ Críost cóṁnaiḋe ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ tré ċreideaṁ: ar ṁoḋ, ar mbeiṫ ḋaoiḃ fréaṁuiġṫe agus bunuiġṫe i ngráḋ, 18go mbéiḋ ar ċumas daoiḃ, i n‐éinḟeaċt leis na naoṁaiḃ uile, a ṫuigsin cad é a leiṫead, 19agus a ḟaide, agus a ḋoiṁneaċt, agus gráḋ Ċríost, ṡáruiġeas gaċ eolas, d’aiṫint, ċum go líonfar le lán‐líonṁaireaċt Dé siḃ.
20Anois, do’n té go ḃfuil ar ċumas dó i ḃfad níos mó do ḋéanaṁ ’ná ṫig linn a iarraiḋ nó a ṡaṁlú, do réir na cuṁaċta atá ag oibriú ionainn, 21dó san go raiḃ an ġlóir san eaglais agus i nÍosa Críost, ó aois go h‐aois, go saoġal na saoġal. Amen.
Currently Selected:
Chum na nEiféiseach 3: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.