Chum na nEiféiseach 1
1
1Pól, abstal Íosa Críost tré ṫoil Dé, ċum na naoṁ atá i nEiféis, agus ċum luċt an ċreidiṁ i nÍosa Críost: 2grása ḋaoiḃ agus síoṫċáin ó Ḋia an tAṫair agus ó’n Tiġearna Íosa Críost.
3Go mbeannuiġtear Dia agus Aṫair ár dTiġearna Íosa Críost, do ḃeannuiġ le gaċ beannaċt spioradálta sinn ins na h‐áiteannaiḃ neaṁḋa i gCríost: 4fá mar ṫoġ sé sinne ann roiṁ ṫosaċ an doṁain, ċum go mbéimís naoṁṫa, gan loċt ’n‐a ḟiaḋnaise i ngráḋ: 5do réaṁ‐órduiġ sé sinn ċum ḃeiṫ ’n‐ár macaiḃ uċta ḋó féin tré Íosa Críost, do réir deaġ‐roġa a ṫola, 6ċum clú glóire a ġrása, do ḃronn sé go saor orainn san Té n‐a ḃfuil a ġráḋ: 7’n‐a ḃfuil fuasclaḋ againn tré n‐a ḟuil, maiṫeaṁnas ár bpeacaḋ, 8do réir saiḋḃris a ġrása, do roinn sé go líonṁar orainn san uile eagna agus tuigsin, 9tar a éis dó rúindiaṁair a ṫola do noċtaḋ ḋúinn, fá mar ḃí ceapṫa ann féin aige, do réir a ḋéiġṁéine féin, 10ċum an uile niḋ do ċóṁċruinniú i gCríost, nuair ṫiocfaḋ na h‐aimseara ċum críċe, idir a ḃfuil ar neaṁ, agus a ḃfuil ar talaṁ. 11Do rinneaḋ oiḋrí ḋínne ann, ar mbeiṫ ḋúinn réaṁórduiġṫe do réir rúin an té do‐ġní gaċ niḋ do réir cóṁairle a ṫola féin: 12ċum go mairfimís ċum clú a ġlóire, sinne ba luaiṫe do ċuir ár ndóċas i gCríost: 13’n‐ar ċuir siḃse, leis, tar a éis daoiḃ briaṫar na fírinne do ċlos, soiscéal ár slánuiġṫe — an té ’n‐ar ċreideaḃar, agus gur cuireaḋ séala Spioraid Naoiṁ na geallaṁna oraiḃ, 14atá ’n‐a éirlis d’ár n‐oiḋreaċt, ċum sealḃaċas Dé d’ḟuascailt, ċum clú a glóire.
15Ar an aḋḃar sin, ar gclos dom i dtaoḃ an ċreidiṁ atá agaiḃ san Tiġearna Íosa, agus i dtaoḃ ḃur ngráḋa do na naoṁaiḃ go léir, 16ní scuraim de ḃeiṫ ag breiṫ buiḋeaċais ar ḃur son, ag cuiṁneaṁ oraiḃ im’ urnaiġṫiḃ; 17ċum go dtugaiḋ Dia ár dTiġearna Íosa Críost, Aṫair na glóire, spiorad eagna agus taisbeánta ḋaoiḃ i n‐eolas air: 18ċum go soillseoċar súilí ḃur gcroiḋe, ċum go mbéiḋ a ḟios agaiḃ cad é an dóċas ċum a ngoireann sé sinn, saiḋḃreas glóire a oiḋreaċta ins na naoṁaiḃ, 19agus cad é móir‐ṁéid a ċuṁaċta ’n‐ár dtaoḃ‐na ċreideas, do réir mar oibriġeas briġ ṁór a ċumais, d’oibriġ sé i gCríost, 20nuair do ṫóg sé ó na marḃaiḃ é, agus do ċuir sé ’n‐a ṡuiḋe é ar a láiṁ ḋeis féin ins na h‐áiteannaiḃ neaṁḋa, 21i ḃfad os cionn gaċ tiġearnais, agus uġdaráis agus cuṁaċta, agus os cionn gaċ ainme ainmniġtear, ní h‐é aṁáin san tsaoġal so, 22aċt san tsaoġal atá le teaċt: agus do ċuir sé gaċ uile niḋ fá n‐a ċosaiḃ, agus ṫug sé ḋó ḃeiṫ mar ċeann ṫar cáċ ar an eaglais, 23gur ab í a ċorp í, iomláine an te líonas an t‐iomlán ar fad.
Currently Selected:
Chum na nEiféiseach 1: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.