Gníomhartha 26
26
1Annsin aduḃairt Agrippa le Pól, Tá cead cainnte ar do ṡon féin agat. Agus do ṡín Pól amaċ a láṁ, agus do laḃair sé g‐á ṡaoraḋ féin:
2Measaim gur maiṫ an ḃail orm, a rí Agrippa, go ḃfuil orm mo ċosaint féin id’ láṫair indiu ar na neiṫiḃ go léir atá curṫa ag na h‐Iúdaċaiḃ im’ leiṫ: 3go h‐áiriṫe go ḃfuil lán‐eolas agat ar gaċ gnáṫ‐nós agus ar gaċ ceist ḃaineas leis na h‐Iúdaċaiḃ: uime sin impiḋim ort éisteaċt go foiġdeaċ liom. 4Atá aiṫne ag na h‐Iúdaċaiḃ ar an saoġal do ċaiṫeas óm’ óige, gur i lár mo ċiniḋ féin ó ṫosaċ, agus i nIarúsalem, do ċaiṫeas é. 5Is eol dóiḃ ó ṫús, dá mba ṁaiṫ leo a ḋeiṁniú, gur ṁaireas im’ Ḟairisíneaċ de réir riaġlaċ na h‐aicme is mó díriġeaċt ’n‐ár gcreideaṁ. 6Agus anois atáim im’ ṡeasaṁ annso dom’ ċionntú fá’n dóċas go gcóiṁlíonfaiḋe an ġeallaṁain ṫug Dia d’ár sinnsearaiḃ: 7go ḃfuil ár ndá ṫreiḃ déag ag súil leis, ag déanaṁ seirḃíse do Ḋia go dúṫraċtaċ, de ló agus d’oiḋċe. Agus is i dtaoḃ an dóċais seo, a rí, go ḃfuil na h‐Iúdaiġ ’gam’ ċionntú! 8Cad ċuige a measann siḃ gur dí‐ċreidte an niḋ go n‐aiṫḃcoḋann Dia na mairḃ? 9Do ċeapas féin go raiḃ sé de ḋualgas orm mórán neiṫe do ḋéanaṁ i n‐aġaiḋ ainme Íosa Nasarḋa. 10Mar sin do‐rinne mé i nIarúsalem: agus do ċuireas mórán naoṁ fá ġlas i bpríosúnaiḃ, tar éis uġdarás d’ḟáġáil ó na h‐árd‐ṡagartaiḃ, agus nuair ḃídís d’á gcur ċum báis, ṫugas guṫ ’n‐a n‐aġaiḋ. 11Agus ṫugas pionós go minic dóiḃ ins na sionagógaiḃ go léir, agus do‐rinneas iarraċt fá ḋia‐ṁaslaḋ do ḃaint asta; agus leis an dearg‐ḃuile do ḃí orm ’n‐a gcoinniḃ, do‐rinneas géirleanaṁain orṫa go dtí na caṫraċa coigríoċa. 12Ag dul fá ḋéin Damascuis dom ar an intinn sin le h‐uġdarás agus le barántas na n‐árd‐ṡagart, 13ar uair an ṁeaḋon‐lae, a rí, do ċonnacas ar an tsliġe ḋom solas ó neaṁ, ba ġile ’ná lonnraḋ na gréine, ag soillsiú im’ ṫimċeall‐sa agus i dtimċeall na ndaoine do ḃí ag taisteal i n‐éinḟeaċt liom. 14Agus do ṫuiteamar uile ar an talaṁ, agus d’airiġeas an guṫ g‐á ráḋ liom san teangain Eaḃra, A Ṡaul, a Ṡaul, cad ċuige ḋuit ḃeiṫ ’gam’ ġéirleanaṁain? Is deacair ḋuit ḃeiṫ ag speaċġail i n‐aġaiḋ an ṗriocaire. Agus aduḃras‐sa, Cia ṫusa, a Ṫiġearna? 15Agus aduḃairt an Tiġearna, Is mise Íosa go ḃfuil tú g‐á ġéirleanaṁain. 16Aċt éiriġ, agus seas ar do ċosaiḃ: óir is ċuige seo do ṫaisbeánas mé féin duit, ċum go n‐órdóċainn ṫú id’ ṡeirḃíseaċ agus id’ ḟiaḋnaiḋe ar na neiṫiḃ do ċonnaicis, agus ar na neiṫiḃ ’n‐a noċtfaiḋ mé mé féin duit; 17’gad’ ṫaḃairt slán ó’n bpobal, agus ó na Cineaḋaċaiḃ, go ḃfuilim ’gad’ ċur ċuca, 18le n‐a súilí d’ḟoscailt, ċum go n‐iompóċaidís ó’n dorċadas ċum an tsolais, agus ó ċuṁaċt Sátain ċum Dé, go ḃfaiġdís maiṫeaṁnas na bpeacaḋ agus oiġreaċt i measc na ndaoine naoṁṫar tré ċreideaṁ ionnaim‐se. 19Uime sin, a rí Agrippa, níor ḋiúltas do’n raḋarc neaṁḋa: 20aċt do ċraoḃscaoileas do ṁuinntir Ḋamascuis ar dtús, agus i nIarúsalem, agus ar fud dúiṫċe Iúdaea, agus do na Cineaḋaċaiḃ, go ndéanfaidís aiṫriġe agus go n‐iompóċaidís ċum Dé, ag déanaṁ gníoṁarṫa de réir na h‐aiṫriġe. 21Ba é sin an fáṫ go rug na h‐Iúdaiġ orm san teampall, agus go dtugadar iarraċt fám’ ṁarḃaḋ. 22Aċt, ó fuaras an ċaḃair ṫagas ó Ḋia, táim im’ ṡeasaṁ go dtí an lá so, ag taḃairt fiaḋnaise do ḃeag agus do ṁór, gan rud ar biṫ a ráḋ aċt an méid aduḃairt na fáiḋe agus Maois do ḃeiṫ le teaċt; 23go gcaiṫfeaḋ an Críost fulang, agus go mba é an ċéad duine é d’éireoċaḋ ó na marḃaiḃ, agus go gcraoḃscaoilfeaḋ sé an solas do’n ṗobal agus do na Cineaḋaċaiḃ.
24Agus nuair do ḃí sé g‐á ċosaint féin ar an gcuma sin, aduḃairt Féstus de ġuṫ árd, A Ṗóil, ar buile atáir; atá do léiġeann mór ’gad’ ċur as do ṁeaḃair. 25D’ḟreagair Pól, Ní h‐as mo ṁeaḃair atáim, a Ḟéstuis oirḋeirc; aċt is ag laḃairt briaṫar na fírinne agus na céille atáim. 26Óir atá eolas ag an riġ, go ḃfuilim ag cainnt go dána leis, ar na neiṫiḃ seo; óir ní ṁeasaim go ḃfuil éinniḋ díoḃ so fá ċeilt air, óir ní i gcúinne do‐rinneaḋ é. 27A rí Agrippa, an gcreideann tú na fáiḋe? Atá a ḟios agam go gcreideann tú. 28Agus aduḃairt Agrippa le Pól, Is beag naċ g‐á aiteaṁ orm ḃeiṫ im’ Ċríostaiḋe atáir. 29Agus aduḃairt Pól, Ba ṁian liom, dá mba é toil Dé é, is cuma cia aca a ḃeag nó a ṁór, ní h‐é tusa aṁáin, aċt gaċ a ḃfuil ag éisteaċt liom indiu, ḃeiṫ ar aon dul liom féin, taoḃ amuiġ de na slaḃraiḃ seo.
30Agus d’éiriġ an rí, agus an t‐árd‐riaġlóir, agus Bernicé, agus a raiḃ ’n‐a suiḋe ’n‐a ḃfoċair: 31agus nuair ḃí siad i leaṫtaoiḃ, do laḃradar le ċéile, g‐á ráḋ, Ní ḟuil an fear so ag déanaṁ dadaiṁ ṫuilleas bás ná cuiḃreaċa. 32Agus aduḃairt Agrippa le Féstus, D’ḟéadfaiḋe a ṡaoirse do ṫaḃairt do’n ḟear sin muna mbéaḋ go ndeaċaiḋ sé ar ċoimirce Ċéasair.
Currently Selected:
Gníomhartha 26: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.