Gníomhartha 14
14
1Agus ṫárla i nIcónium go ndeaċadar araon isteaċ i sionagóig na nIúdaċ, agus gur laḃradar ar ċuma gur ċreid sluaġ mór de na h‐Iúdaċaiḃ agus de na Gréagaċaiḃ. 2Aċt na h‐Iúdaiġ do ḃí díċreideaṁnaċ, do ġríosadar na Cineaḋaiġ, agus do ṁúscladar mioscais ’n‐a h‐inntinn do na bráiṫreaċaiḃ. 3Aċt d’ḟanadar tamall fada annsin ag laḃairt go dána i muiniġin an Tiġearna, ṫug fiaḋnaise do ḃriaṫar a ġrása, agus míorḃailtí agus iongantais d’á ndéanaṁ d’á ḋeoin tré n‐a láṁaiḃ. 4Aċt d’éiriġ deiġilt idir ṁuinntir na caṫraċ; cuid aca ag cur leis na h‐Iúdaċaiḃ, agus cuid aca ag cur leis na h‐abstalaiḃ. 5Agus nuair d’éiriġ droċ‐ḟuadar fá na Cineaḋaċaiḃ agus fá na h‐Iúdaċaiḃ mar aon le n‐a riaġlóiriḃ, ċum droċ‐íde do ṫaḃairt orṫa, agus gaḃáil de ċloċaiḃ orṫa, do ċonnacṫas dóiḃ é, 6agus do ṫeiċeadar go caṫraċaiḃ Licaónia, go Listra agus go Derbé, agus go dtí an dúṫaiġ mágcuairt: 7agus do ċraoḃscaoileadar an soiscéal annsin.
8Agus do ḃí fear ’n‐a ṡuiḋe i Listra naċ raiḃ lúṫ na gcos aige, cláiríneaċ ó ḃroinn a ṁáṫar, nár ṡiuḃail ariaṁ. 9Do ḃí an duine seo ag éisteaċt le Pól ag cainnt: agus nuair do ḋearc seisean go grinn air, agus ṫug sé fá deara go raiḃ creideaṁ ċum a ṡlánuiġṫe aige, 10aduḃairt sé de ġuṫ árd, Éíriġ id’ ṡeasaṁ go díreaċ ar do ċosaiḃ. Agus d’éiriġ sé de léim, agus do ṡiuḃail sé. 11Agus nuair do ċonnaic na sluaiġte a raiḃ déanta ag Pól, do ġlaoḋadar i n‐árd a ngoṫa as cainnt Licaónia, g‐á ráḋ, Atá na déiṫe tagṫa anuas ċugainn i rioċt daoine. 12Agus ṫugadar Iúpiter ar Ḃarnabas, agus Mercúrius ar Ṗól, mar ba eisean ba ṁó do laḃair. 13Agus sagart Iúpiter, go raiḃ a ṫeampall os cóṁair na caṫraċ, ṫug sé leis tairḃ agus bláiṫ‐ḟleisc go dtí na geataí, agus fonn air íoḋbairt do ḋéanaṁ mar aon leis na sluaiġtiḃ. 14Aċt nuair do‐ċuala na h‐abstail, Barnabas agus Pól ’n‐a ṫaoḃ, do réabadar a n‐éadaiġe, agus do léimeadar amaċ i measc an tsluaiġ, 15ag liúġaḋ agus g‐á ráḋ, A ḋaoine, créad do b’áil liḃ a leiṫéid sin do ḋéanaṁ? Daoine go ḃfuil an nádúir ċéadna againn agus atá agaiḃ féin, is eaḋ sinne, agus atáimíd ag taḃairt deaġ‐scéala ḋaoiḃ, go gcaiṫfiḋ siḃ iompóḋ ó na neiṫiḃ baoṫa sin ċum Dé ḃí, do ċruṫuiġ neaṁ, agus talaṁ, agus muir, agus a ḃfuil ionnta: 16an té do leig do na cineaḋaċaiḃ, ins na tráṫaiḃ atá imṫiġṫe, siuḃal ar a sliġṫiḃ féin. 17Cibé sin de, níor ḟág sé é féin gan fiaḋnaise, g‐á ċur i gduigsin as uċt an ṁaiṫeasa do‐rinne sé, óir ṫug sé báisteaċ agus séasúir ṫorṫaċa ó’n spéir ḋaoiḃ, ag líonaḋ ḃúr gcroiḋe de ḃiaḋ agus de ġáirdeaċas. 18Agus bíoḋ gur laḃradar ar an gcuma sin, is ar éigin d’éiriġ leo na daoine do ċosc gan íoḋbairt do ḋéanaṁ dóiḃ.
19Aċt ṫáinig Iúdaiġ go dtí an áit sin ó Antuaiġ agus ó Icónium, do spreag na daoine, agus do ġaḃ de ċloċaiḃ ar Ṗól, agus do ṫarraingt amaċ as an gcaṫair é, mar ba ḋóiġ leo go raiḃ sé marḃ. 20Aċt nuair do ḃí na deisceabail ’n‐a seasaṁ ’n‐a ṫimċeall, d’éiriġ sé, agus do ċuaiḋ sé isteaċ san gcaṫair: agus lá ar n‐a ḃáraċ d’imṫiġ sé mar aon le Barnabas go Derbé. 21Agus tar a éis dóiḃ an soiscéal do ċraoḃscaoileaḋ do ṁuinntir na caṫraċ sin, agus mórán deisceabal do ḋéanaṁ, d’ḟilleadar go Listra, agus go h‐Icónium, agus go h‐Antuaiġ, 22ag neartú anamann na ndeisceabal, g‐á spreagaḋ ċum ḃeiṫ seasaṁaċ san gcreideaṁ, mar gur tré mórán d’ḟulang caiṫfear ríoġaċt Dé do ḃaint amaċ. 23Agus tar éis seanóirí do ṫoġaḋ ḋóiḃ ins gaċ eaglais, agus urnaiġe agus troscaḋ do ḋéanaṁ, d’ḟágadar iad fá ċoimirce an Tiġearna, go raiḃ a gcreideaṁ ann. 24Agus do ġaḃadar tré lár Ṗisidia, go dtángadar go Pamfilia. 25Agus tar a éis dóiḃ an briaṫar do laḃairt i bPérgé, do ċuadar síos go h‐Attalia; 26agus do ċuadar ar luing ó’n áit sin go h‐Antuaiġ, an áit as ar cuireaḋ iad fá ġrás Dé ċum na h‐oibre do ḃí críoċnuiġṫe aca. 27Agus nuair ṫángadar, agus do ċruinniġeadar an eaglais i gceann a ċéile, d’inniseadar gaċ a ndearna Dia tríoṫa, agus cionnas mar d’ḟoscail sé doras creidiṁ do na Cineaḋaċaiḃ. 28Agus d’ḟanadar tamall maiṫ annsin i ḃfoċair na ndeisceabal.
Currently Selected:
Gníomhartha 14: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.