YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 12

12
1Fá’n am céadna sin do ċuir Ioruaṫ rí a láṁa amaċ ċum foirneart d’imirt ar ċuid de ṁuinntir na h‐eaglaise. 2Agus do ṁarḃ sé Séamas dearḃráṫair Eoin le claiḋeaṁ. 3Agus ar n‐a ḟeicsin dó gur ṫaiṫniġ sin leis na h‐Iúdaċaiḃ, do ċinn sé ar Ṗeadar do ġaḃáil, leis. Agus laeṫe an aráin gan laiḃín do ḃí ann. 4Agus nuair do ḃí sé gaḃṫa aige, do ċuir sé i bpríosún é, agus do ċuir sé fá ċúram gárda seisir saiġdiúir déag é; agus é de rún aige a ṫaḃairt amaċ i ḃfiaḋnaise an ṗobail i ndiaiḋ na Cásca. 5Do congḃuiġeaḋ Peadar mar sin san bpríosún: aċt do ḃí urnaiġe d’á ḋéanaṁ go dúṫraċtaċ ar a ṡon ag an eaglais. 6Agus nuair do ḃí Ioruaṫ ar tí é do ṫaḃairt amaċ, an oiḋċe ċéadna sin ḃí Peadar ’n‐a ċodlaḋ idir ḃeirt saiġdiúir, é ceangailte le ḋá ṡlaḃraḋ: agus ḃí gárdaí taoḃ amuiġ de’n doras ag coiṁéad an ṗríosúin. 7Agus féaċ aingeal an Tiġearna ’n‐a ṡeasaṁ ’n‐a aice, agus do ḋeallruiġ solas san ċarcair: agus do ḃuail sé Peadar san gcliaṫán, gur ḋúisiġ sé é, g‐á ráḋ, Éiriġ id’ ṡeasaṁ de láṫair. Agus do ṫuit na slaḃraiḋe d’á láṁaiḃ. 8Agus aduḃairt an t‐aingeal leis, Cuir umat do ċrios, agus cuir ort do ḃróga. Agus do‐rinne sé é. Agus aduḃairt sé leis, Cuir umat do ḃrat agus lean mise. 9Agus d’imṫiġ sé amaċ, g‐á leanaṁain; agus ní raiḃ a ḟios aige arḃ ḟíor a raiḃ d’á ḋéanaṁ ag an aingeal, aċt do ċeap sé gurḃ aisling do ḃí d’á ḟeicsin aige. 10Agus nuair do ċuadar ṫar an gcéad ġárda agus ṫar an dara gárda, ṫáinig siad go dtí an geata iarainn ṡeolas ċum na caṫraċ; d’ḟoscail sé ḋóiḃ uaiḋ féin: agus do ċuadar amaċ, agus do ṡiuḃladar rómpa sráid aṁáin; agus d’imṫiġ an t‐aingeal uaiḋ go h‐obann. 11Agus nuair ṫáinig Peadar ċuige féin, aduḃairt sé, Is léir ḋom go cinnte, gur ċuir an Tiġearna a aingeal uaiḋ, agus gur ṡaor sé ó láiṁ Ioruaiṫ mé, agus ó n‐a ḃfuil beartuiġṫe ag an bpobal Iúdaċ. 12Agus, san maċtnaṁ ḋó, ṫáinig sé go tiġ Ṁáire máṫair Eoin dárḃ ċóṁainm Marcus; mar a raiḃ mórán daoine cruinniġṫe le ċéile ag urnaiġe. 13Agus nuair do ḃuail sé cóṁla an ġeata, ṫáinig cailín darḃ ainm Róda amaċ g‐á ḟreagairt. 14Agus d’aiṫin sí guṫ Ṗeadair, aċt le méid an áṫais do ḃí uirṫi níor ḟoscail sí an geata, aċt do riṫ sí isteaċ, agus d’innis sí go raiḃ Peadar ’n‐a ṡeasaṁ ós cóṁair an ġeata. 15Agus aduḃradar‐san léi, Ar míċéill atáir. Aċt do lean sise g‐á ráḋ gurḃ ḟíor é. Agus aduḃradar‐san, Is é a aingeal atá ann. 16Aċt do lean Peadar ag bualaḋ: agus nuair d’ḟoscladar, do ċonnacadar é, agus ḃí uaṫḃás orṫa. 17Aċt do ḃagair sé le n‐a láiṁ orṫa ḃeiṫ ’n‐a dtost, agus d’innis sé ḋóiḃ cionnas ṫug an Tiġearna amaċ as an bpríosún é. Agus aduḃairt sé, Innisiḋ na neiṫe seo do Ṡéamas agus do na bráiṫreaċaiḃ. Agus d’imṫiġ sé, agus do ċuaiḋ sé go h‐áit eile. 18Nuair do ḃí sé ’n‐a lá, ḃí corruiġe nár ḃeag imeasc na saiġdiúir, i dtaoḃ ar éiriġ do Ṗeadar. 19Agus nuair do‐rinne Ioruaṫ cuardaċ ’n‐a ḋiaiḋ, agus naċ ḃfuair sé é, do ċeistiġ sé na gárdaí, agus d’órduiġ sé a gcur ċum báis. Annsin d’imṫiġ sé ó Iúdaea síos go Céasaria, agus d’ḟan sé ann.
20Agus do ḃí mí‐ġreann mór air ċum muinntire Tuire agus Sidóine: agus ṫáinig siad de ṫoil a ċéile ċuige, agus ag déanaṁ caradais dóiḃ le Blastus seomradóir an ríoġ, d’éiliġeadar síoṫċáin air, toisc a ndúṫaiġ ḃeiṫ d’á coṫú ó ḋúṫaiġ an ríoġ. 21Agus, lá do ḃí ceapṫa ċuige, do ċuir Ioruaṫ a éide ríoġḋa air, agus do ṡuiḋ sé ar ċaṫaoir an ḃreiṫeaṁnais, agus ṫug sé óráid dóiḃ. 22Agus do ġáir na daoine, Ní guṫ duine é, aċt guṫ Dé! 23Agus ar an láṫair do ḃuail aingeal an Tiġearna é, de ḃriġ naċ dtug sé an ġlóir do Ḋia: agus d’iṫ piasta é, go ḃfuair sé bás.
24Aċt do lean briaṫar Dé ag fás agus ag méadú.
25Agus d’ḟill Barnabas agus Saul ó Iarúsalem, nuair ḃí gnó a seirḃíse déanta aca, ag breiṫ Eoin darḃ ċóṁainm Marcus i n‐éinḟeaċt leo.

Currently Selected:

Gníomhartha 12: JOYNTG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in