Bible App logo
Search Icon

3 Eoin 1

1
1An seanóir ċum Gáius ionṁain, d’á ḃfuil gráḋ agam san ḃfírinne.
2A ċara ionṁain, is é mo ġuiḋe go n‐éiriġiḋ leat ar gaċ sliġe agus go raiḃ deaġ‐ṡláinte agat, do réir na sláinte atá ag t’anam. 3Is mór an gáirdeaċas do ḃí orm nuair ṫáinig na bráiṫre ċugam ag taḃairt fiaḋnaise leo ar an ḃfírinne atá ionnat, cionnas táir ag siuḃal san ḃfírinne. 4Ní mó an gáirdeaċas ḃíos orm ’ná a ċlos go ḃfuil mo ċlánn ag siuḃal san ḃfírinne.
5A ċara ionṁain, is creideaṁnaċ an méid atá d’á ḋéanaṁ agat ar son na mbráṫar agus ar son na ndeoraiḋe, leis. 6Ṫugadar‐san fiaḋnaise ar do ġráḋ i láṫair na h‐eaglaise; agus ba ṁaiṫ a ṁaise ḋuit congnaṁ do ṫaḃairt dóiḃ ar a n‐aistear ar ṡliġe dob’ ḟiú Dia é; 7óir is ar son an Ainme d’imṫiġeadar gan éinniḋ do ġlacaḋ ó na Cineaḋaċaiḃ. 8Uime sin ba ċeart fáilte do ċur roiṁ a leiṫéidiḃ, ċum go mbéimís ’n‐ár gcóṁ‐oibriġṫeoiriḃ leis an ḃfírinne.
9Do scríoḃas ċum na h‐eaglaise, aċt Díotrefés, gur mian leis ḃeiṫ ar tosaċ ’n‐a measc, ní ġlacann sé linn. 10D’á ḃriġ sin, má ṫagaim, cuirfead i gcuiṁin dó na gníoṁarṫa atá d’á ndéanaṁ aige, ag laḃairt ’n‐ḃur n‐aġaiḋ as cainnt ṁailísiġ: agus ní n‐é aṁáin sin é, aċt ní ġlacann sé féin na bráiṫre ċuige, agus cuireann sé cosc leo‐san gur mian leo a ḋéanaṁ, agus caiṫeann sé as an eaglais amaċ iad. 11A ċara ionṁain, ná déan aiṫris ar an olc, aċt ar an ṁaiṫ. An té ċleaċtas an ṁaiṫ, is ó Ḋia atá sé: an té ċleaċtas an t‐olc, ní ḟaca sé Dia.
12Atá deaġ‐ṫeist ag cáċ agus ag an ḃfírinne féin ar Ḋémetrius; agus do‐ḃeirimíd féin fiaḋnaise, leis; agus atá a ḟios agat gur fíor í ár ḃfiaḋnaise.
13Is mór a lán do ḃí agam le scríoḃaḋ ċugat, aċt níorḃ áil liom é do scríoḃaḋ ċugat le duḃaċ agus le peann: 14aċt atá súil agam go ḃfeicfead gan ṁoill ṫú, agus laḃarfaimíd béal le béal le ċéile.
Go raiḃ síoṫċáin leat. Beannuiġeann na cáirde ḋuit. Beannuiġ do na cáirdiḃ as a n‐ainmneaċaiḃ.

Currently Selected:

3 Eoin 1: JOYNTG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in