2 Chum Timóteuis 3:1-5
2 Chum Timóteuis 3:1-5 JOYNTG
Aċt bí cinnte de’n méid seo, go dtiocfaiḋ aimseara peiriaclaċa ins na laeṫiḃ deireannaċa. Óir béiḋ na daoine leiṫleasaċ, sanntaċ, maoiḋteaċ mórtasaċ, masluiġṫeaċ, easuṁal d’aiṫreaċaiḃ agus do ṁáiṫreaċaiḃ, díombuiḋeaċ, mí‐naoṁṫa, gan gráḋ nádúrṫa, cruaḋ‐ċroiḋeaċ, bíodánaċ, do‐smaċtuiġṫe, fíoċṁar, gan gráḋ do’n ṁaiṫ; béiḋ siad ’n‐a ḃfealltóiriḃ, béiḋ siad ceanndána, lán d’uaḃar, gur mó a ndúil i bpléisiúr ’ná i nDia; cuma na cráiḃṫeaċta orṫa, aċt go ḃfuil diúlta aca d’á briġ; fan amaċ ó n‐a leiṫéidiḃ sin.





