2 Peadar 2
2
1Aċt d’éiriġ fáiḋe bréige i measc an ṗobail, agus béiḋ luċt teagaisc ḃréige ’n‐ḃur measc‐na, leis, daoine ḃéarfas isteaċ siosmaí millteaċa, ag séanaḋ an Ṁáiġistir féin do ċeannuiġ iad, ag tarraing scriosta obainn orṫa féin. 2Agus leanfaiḋ mórán a sliġṫe déisteannaċa; agus maslóċar sliġe na fírinne mar ġeall orṫa. 3Agus le sainnt déanfaiḋ siad aḋḃar ceannaiḋeaċta ḋíḃ le briaṫraiḃ mealltaċa: dream go ḃfuil a mbreiṫeaṁnas le tamall fada anois ag teannaḋ leo, agus naċ ḃfuil a scrios ag fanaṁain fá ṡuan. 4Óir munar spáráil Dia na h‐aingle féin nuair do rinneadar peacaḋ, aċt gur ṫeilg sé síos go Tartarus iad, agus gur ċuir sé go h‐uaċaisiḃ dorċaċta iad, ċum iad do ċongḃáil fá ċóṁair an ḃreiṫeaṁnais; 5agus munar spáráil sé an sean‐doṁan, aċt gur ṡaor sé Naoi, bollscaire fíréan, mar aon le h‐oċtar eile, nuair ṫug sé díle ar ḋoṁan na neiṁ‐ḟíréan: 6agus ag déanaṁ luaiṫreáin de ċaṫraċaiḃ Ṡodoim agus Ġomorra, gur ḋaor sé ċum léirscriosta iad, ag déanaṁ sompla ḋíoḃ ḋóiḃ‐sean do ċaiṫfeaḋ saoġal neiṁ‐ḋiaḋa ’n‐a ḋiaiḋ sin; 7agus gur ṡaor sé loṫ fíréan, agus é fá ċráḋ mar ġeall ar ṡaoġal droċ‐ḃéasaċ na gcuirpṫeaċ, 8(óir, ag féaċaint agus ag éisteaċt dó, agus é ’n‐a measc, do ḃí anam an ḟíréin úd d’á ċiapaḋ lá ar lá ag a ngníoṁarṫaiḃ míriaġalta): 9is eol do’n Tiġearna cionnas na fíréin do ṫaḃairt slán as caṫuiġṫiḃ, agus na neiṁ‐ḟíréin do ċongḃáil fá ṗionós fá ċóṁair lae an ḃreiṫeaṁnais; 10iad‐san go mór‐ṁór ċleaċtas droċ‐ṁianta na colna, le h‐andúil i neaṁ‐ġlaine, agus do‐ḃeir droċ‐ṁeas ar sṁaċt. Daoine ceanndána, antoileaċa, ní h‐eagal leo masla do ṫaḃairt do’n tsluaġ glórṁar: 11a ḟad is na h‐aingle féin, giḋ gur mó a neart agus a gcumas, naċ dtugann siad breiṫ masluiġṫeaċ ’n‐a n‐aġaiḋ i ḃfiaḋnaise an Tiġearna. 12Aċt scriosfar iad ’n‐a dtruailliú féin mar ainṁiḋṫe brúideaṁla do réir dúṫċais, do ċruṫuiġeaḋ ċum ḃeiṫ gaḃṫa agus scriosta, ag laḃairt dóiḃ go masluiġṫeaċ ar neiṫiḃ naċ dtuigid, 13agus do‐ġeoḃaiḋ siad tuarastal a gcuirpṫeaċta. Is geal leo mar ṗléisiúr ḃeiṫ ag dreaḃlas i lár an lae; dream salaċ, máċaileaċ, iad go scléipeaċ ’n‐a ḃféastaiḃ gráḋa, ag caiṫeaṁ fléiḋe ḋóiḃ ’n‐ḃur gcuideaċtain. 14Atá súile lán d’aḋaltrannas aca, súile naċ scurann de’n ṗeacaḋ; ag meallaḋ na n‐anmann neaṁ‐ṡeasṁaċ; agus atá a gcroiḋeaċa cleaċta ar an sainnt; 15mic mallaċtan is eaḋ iad. Ag tréigean na sliġe díriġe ḋóiḃ, do ċuadar ar seaċrán, ag leanaṁain luirg Ḃálaam ṁic Ḃosóir, do ċuir dúil i dtuarastal na h‐éagcóra; 16aċt fuair sé mar aċṁusán as uċt a ṗeacaiḋ gur laḃair asal balḃ leis le glór duine, agus gur ċuir sé stad le mearḃall an ḟáiḋe. 17Toibreaċa gan uisce is eaḋ a leiṫéidí úd, scamaill d’á scuabaḋ le cuaifeaċ gaoiṫe, go ḃfuil duiḃe na dorċaċta i ndán dóiḃ. 18Óir, ag laḃairt do mórḋálaċ as baoṫ‐ċainnt dóiḃ, bréagaid le h‐ainṁiantaiḃ na colna, le fonn macnais, na daoine atá ag éalóḋ ó’n dream atá ag siuḃal ar mearḃall: 19ag geallaṁain saoirse ḋóiḃ, agus iad féin fá ḋaor‐smaċt truailleaċta, óir bíonn gaċ duine fá ḋaoirse ag an niḋ fuair an ḃuaiḋ air. 20Óir, tar a éis dóiḃ teaċt saor ó ṫruailliú an tsaoġail tré eolas an Tiġearna, agus an tSlánuiġṫeora Íosa Críost, má greamuiġtear iad ann arís agus má buaiḋtear orṫa, is measa a staid deiriḋ ’ná a gcéad staid. 21Óir dob’ ḟearr dóiḃ gan eolas ḃeiṫ aca ar ṡliġe na fíréantaċta, ’ná tar a éis dóiḃ eolas d’ḟáġáil uirṫi, casaḋ siar ó’n naoṁ‐aiṫne tugaḋ ḋóiḃ. 22Is é rud d’éiriġ ḋóiḃ, mar deir an sean‐ḟocal fíor, D’ḟill an madaḋ ar ais ċum a aiṫsceaṫraiġe, agus an ċráin do niġeaḋ ċum ḃeiṫ ag ionfairt san laiṫiġ.
Currently Selected:
2 Peadar 2: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.