2 Chum na gCoirinnteach 9
9
1I dtaoḃ frioṫálṁa na naoṁ, ní gáḃaḋ ḋom scríoḃaḋ ċugaiḃ: 2óir is eol dom a ṫoilteanaiġe atá siḃ, go mbím ag déanaṁ maoiḋmeaċais ’n‐a ṫaoḃ asaiḃ le muinntir na Maiceadóine, go ḃfuil Aċáia ullaṁ le bliaḋain anuas: agus do ḃrostuiġ ḃur ndíoġrais an ċuid is mó aca. 3Aċt atáim ag cur na mbráṫar, ċum naċ maoiḋṁeaċas i n‐aisce do ḃéaḋ againn asaiḃ san gcás so: ċum go mbéaḋ siḃ ullaṁ, mar tá ráiḋte agam: 4ar eagla, má ṫagann Maiceadónaiġ i n‐éinḟeaċt liom, agus go ḃfaiġiḋ siad siḃ gan ḃeiṫ ullaṁ, go náireoċaiḋe sinn (gan siḃ‐se do luaḋ) fá ṁéid na muiniġne seo. 5Uime sin do ṁeasas gurḃ éigean a impiḋe ar na bráiṫriḃ dul ċugaiḃ‐se ar dtús, agus an bronntanas do ḃí geallta agaiḃ do ċur i dtreo roiṁ ré, ċum go mbéaḋ sé ullaṁ, ní mar ḃéaḋ sainnt, aċt mar ḃéaḋ féile ann.
6Agus cuiṁniġiḋ air seo, An té ċuireas go gann, is gann ḃainfeas sé; agus an té ċuireas go fial, is fial ḃainfeas sé. 7Taḃraḋ gaċ aoinneaċ do réir mar tá ceapṫa ’n‐a ċroiḋe aige, gan ḃeiṫ doiċeallaċ, ná gan dul i n‐éadan a ṫola, óir is geal le Dia an té ḃronnas go fáilteaċ. 8Agus is féidir le Dia ḃur líonaḋ de’n uile ġrás; ċum, ar mbeiṫ ḃur sáiṫ de gaċ niḋ i gcóṁnaiḋe agaiḃ, go mbéiḋ acfuinn ċum gaċ deaġ‐ġnó agaiḃ: 9mar tá scríoḃṫa,
Do scaip sé go fial, do ḃronn sé ar ḃoċtaiḃ;
Maireann a ḟíréantaċt de ṡíor.
10Agus an té do‐ḃeir síol do’n tsíoladóir agus arán mar ḃiaḋ, soláṫróċaiḋ agus méadóċaiḋ sé síol ċum curṫa ḋaoiḃ, agus méádóċaiḋ sé toraḋ ḃur ḃfíréantaċta: 11ar mbeiṫ ḋaoiḃ saiḋḃir ar gaċ sliġe ċum gaċ féile, go dtagann mór‐ḃuiḋeaċas do Ḋia trínne as. 12Óir ní h‐é aṁáin go ḃfóireann miniostrálaċt an ċonganta so ar riaċtainisiḃ na naoṁ, aċt leanann mórán buiḋeaċais do Ḋia d’á ḃárr; 13agus mar ġeall ar an dearḃaḋ do‐ḃeir an congnaṁ so, molann siad Dia as uċt ḃur n‐uṁlaċta do ṡoiscéal Ċríost adṁuiġeas siḃ, agus as uċt fairsinge ḃur dtaḃartais dóiḃ‐sean agus do’n uile ḋuine; 14agus san urnaiġe ḋóiḃ ar ḃur son, leis, bíonn gráḋ aca ḋaoiḃ as uċt mór‐ġrása Dé atá ionnaiḃ. 15Buiḋeaċas do Ḋia as uċt a ṫíoḋlaice do‐innste.
Currently Selected:
2 Chum na gCoirinnteach 9: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.