Bible App logo
Search Icon

1 Peadar 5

5
1Iarraim d’aṫċuinġe ar na seanóiriḃ ’n‐ḃur measc, mise atá im’ ṡeanóir, ċóṁ maiṫ, agus im’ ḟiaḋnaiḋe ar ar ḟulaing Críost, agus im’ rannṗáirtiḋe, leis, de’n ġlóir foillseoċar: 2beaṫuiġiḋ tréad Dé atá ’n‐ḃur measc, ag taḃairt aire ḋó, ní d’ḃur n‐aiṁḋeoin é, aċt go toilteanaċ, do réir tola Dé; ní h‐é ar son táir‐éadála, aċt le h‐ionnracas aigne; 3gan ḃeiṫ ag déanaṁ máiġistreaċta ar a ḃfuil fá ḃur gcúram, aċt ḃeiṫ ag taḃairt eisiompláire do’n tréad. 4Agus nuair foillseoċar an tÁrd‐Aoḋaire, ġeoḃaiḋ siḃ coróin na glóire naċ dtéiġeann i n‐éag. 5Ar an gcuma ċéadna, cuireaḋ an t‐aos óg iad féin fá ċeannas na seanóir. Bíoḋ an uṁlaċt mar ċlúdaċ oraiḃ, óir cuireann Dia i n‐aġaiḋ na n‐uaiḃreaċ, aċt do‐ḃeir sé grása do na h‐uṁlaiḃ. 6D’á ḃriġ sin, uṁluiġiḋ siḃ féin fá ṫréan‐láiṁ Dé, ċum go n‐árdóċaḋ sé i dtráṫ oireaṁnaċ siḃ; 7ag cur ḃur gcúraim uile air, óir ḃeireann se féin aire ḋaoiḃ. 8Biḋiḋ stuamḋa, biḋiḋ ar ḃur n‐aire; bíonn ḃur n‐áiḋḃeirseoir, an diaḃal, ag siuḃal ṫart timċeall mar leoṁan búirfeaḋaċ ar ṫóir an té ḟéadas sé a ṡlugaḋ. 9Seasuiġiḋ ’n‐a aġaiḋ‐sean go daingean, creidṁeaċ, agus a ḟios agaiḃ go ḃfuil an céasaḋ céadna d’á ċur ar ḃur mbráiṫriḃ atá san saoġal. 10Agus Dia an uile ġrása, do ġlaoḋ ċum a ġlóire féin i gCríost siḃ, tar a éis daoiḃ fulang ar feaḋ tamaill ḃig, foirḃfiḋ sé siḃ, neartóċaiḋ agus daingneoċaiḋ sé siḃ. 11Dó‐san go raiḃ an ċuṁaċt go saoġal na saoġal. Amen.
12Tré Ṡilḃánus, ár mbráṫair dílis, do réir mo ṫuairme‐se, atáim ag scríoḃaḋ go h‐aiṫġearr ċugaiḃ, ċum meanmna do ṫaḃairt daoiḃ, agus ċum a ċur i dtuigsin daoiḃ gur ab é fíor‐ġrása Dé é seo: seasuiġiḋ go daingean ann. 13An eaglais atá san mBaibiolóin, do toġaḋ i n‐éinḟeaċt liḃ‐se, beannuiġeann sí, mar aon lem’ ṁac Marcus, daoiḃ. 14Beannuiġiḋ‐se d’á ċéile le póig carṫannaċta.
Go raiḃ síoṫċáin agaiḃ‐se uile atá i gCríost.

Currently Selected:

1 Peadar 5: JOYNTG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in