Bible App logo
Search Icon

1 Peadar 3

3
1A ṁná, biḋiḋ‐se uṁal, mar an gcéadna, d’ḃur ḃfearaiḃ féin; ionnas, má tá aon ċuid aca naċ n‐uṁluiġeann do’n ḃriaṫar, go mbuaiḋfear orṫa, i n‐éagmais an ḃriaṫair, le deaġ‐iomċar a mbainċéile; 2ag féaċain dóiḃ ar ḃur mbéasaiḃ banaṁla, cúṫaile. 3Ná bíoḋ le feicsin mar aḋḃar maise oraiḃ ar an taoḃ amuiġ ḋíḃ gruaig ṫreillsiġṫe, nó seoda óir, nó culaiṫe breaġṫa éadaiġ; 4aċt nádúir ḟoluiġṫe an ċroiḋe istiġ, deaġ‐ṁaise neaṁ‐ṫruailliġṫe caoin‐spioraid ċeannsa, atá an‐luaċṁar i ḃfiaḋnaise Dé. 5Óir na mná naoṁṫa fad ó, go raiḃ a muiniġin as Dia, is ar an gcuma sin do ṁaisiġeadar iad féin, agus iad uṁal d’á ḃfearaiḃ féin: 6fá mar ḃí Sára uṁal d’Abraċam, ag glaoḋaċ tiġearna air. Atá siḃ‐se ’n‐ḃur gclainn di anois, má ġníonn siḃ go maiṫ, gan éinniḋ ḃeiṫ ann le faitċíos do ċur oraiḃ.
7Ar an gcuma ċéadna, a ḟeara, déanaiḋ cóṁnaiḋe i n‐éinḟeaċt le n‐ḃur mnáiḃ do réir déiġċéille, ag taḃairt onóra do’n ṁnaoi aṁail do’n tsoiṫeaċ is laige, agus mar ċóṁ‐oiḋre grása na beaṫaḋ; ċum naċ gcurfar aon ċosc le n‐ḃur n‐urnaiġṫiḃ.
8I ndeireaḋ scéil, biḋiḋ uile ar aon intinn, aṫtruaġaċ, lán de ġráḋ bráṫarḋa, so‐ċroiḋeaċ, aċt uṁal; 9gan olc do ḋéanaṁ i n‐éiric an uile, ná aṫċáineaḋ do ṫaḃairt i n‐aġaiḋ cáinte, aċt ’n‐a ionad sin, beannaċt; óir is ċuige sin do glaoḋaḋ siḃ, go ḃfaiġeaḋ siḃ beannaċt mar oiḋreaċt. 10Óir,
An té gur mian leis beaṫa,
Agus laeṫe maiṫe d’ḟeicsin,
Coisceaḋ sé a ṫeanga de’n olc,
Agus a ḃeola d’ḟoclaiḃ mealltaċa:
11Staonaḋ sé de’n olc, agus déanaḋ sé maiṫeas;
Iarraḋ sé síoṫċáin, agus leanaḋ sé í.
12Óir atá súile an Ṫiġearna ar na fíréanaiḃ,
Agus atá a ċluasa foscailte d’á n‐urnaiġṫiḃ:
Aċt atá a ġnúis i n‐aġaiḋ luċta déanta an uilc.
13Agus cia h‐é ḋéanfas doċar daoiḃ, má leanann siḃ go díċeallaċ de’n ṁaiṫ? 14Aċt má ḟulaingeann siḃ ar son na fíréantaċta féin, is aoiḃinn daoiḃ: agus ná bíoḋ eagla oraiḃ rómpa‐san, agus ná bíoḋ buaiḋirt oraiḃ; 15aċt naoṁuiġiḋ Críost mar Ṫiġearna ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ: agus siḃ ullaṁ i gcóṁnaiḋe ċum freagra do ṫaḃairt do gaċ duine iarras fios fáṫa an dóċais atá ionnaiḃ: 16aċt a ḋéanaṁ go ciúin, ómósaċ, agus coinsias maiṫ ḃeiṫ agaiḃ; ionnas, nuair laḃartar ’n‐ḃur n‐aġaiḋ, go gcuirfear náire orṫa‐san ṁasluiġeas ḃur ndeaġiomċar i gCríost. 17Óir is fearr, má’s é toil Dé é, go ḃfulaingeoċaḋ siḃ ag déanaṁ maiṫeasa, ná ag déanaṁ olcais. 18Óir d’ḟulaing Críost féin, aon uair aṁáin, ar son na bpeacaiḋe, an fíréan i n‐éiric na neiṁḟíréan, ċum sinn do ṫaḃairt ċum Dé; d’á ċur ċum báis san ḃfeoil, aċt d’á ḃeoḋaḋ san spiorad; 19’n‐á ndeaċaiḋ sé agus ’n‐ar ṡeanmóir sé do na spioraidiḃ do ḃí fá ġlas; 20an dream do ḃí easuṁal san am fad ó, nuair do ḃí foiġid Dé ag fanaṁain i laeṫiḃ Naoi, an ḟaid do ḃí an áirc d’á cur i dtreo, gur sáḃálaḋ beagán daoine, is é sin oċtar, innti treasna an uisce. 21Is é a ṡaṁail sin an baiste ṡlánuiġeas sinne anois, ní h‐é glanaḋ salaċair an ċuirp, aċt freagairt deaġ‐ċoinsiais do Ḋia, tré aiséirġe Íosa Críost; 22atá ar ḋeasláiṁ Dé, tar a éis dó dul isteaċ ins na flaiṫeasaiḃ; na h‐aingle, agus na h‐uġdaráis, agus na cuṁaċta ḃeiṫ curṫa fá n‐a ċeannas.

Currently Selected:

1 Peadar 3: JOYNTG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in