Bible App logo
Search Icon

1 Peadar 1

1
1Peadar, abstal Íosa Críost, ċum na muinntire atá ar deoraiḋeaċt, i bPontus, i nGalátia, san Áise, agus i mBitínia, 2do toġaḋ do réir réaṁeolais Dé an tAṫair, tré naoṁú an Spioraid, ċum uṁlaċta agus ċum croiṫte fola Íosa Críost: Go méaduiġtear grása agus síoṫċáin daoiḃ.
3Go mbeannuiġtear Dia, Aṫair ár dTiġearna Íosa Críost, d’aiṫġein, do réir a ṁór‐ṫrócaire, sinn ċum beo‐ḋóċais tré aiséirġe Íosa Críost ó na marḃaiḃ, 4ċum oiḋreaċta neaṁ‐ṫruailliġṫe, gan smál, naċ dtéiġeann i n‐éag, atá i n‐áiriṫe ins na flaiṫeasaiḃ daoiḃ‐se, 5atá d’ḃur gcuṁdaċ le cuṁaċt Dé tré ċreideaṁ fá ċóṁair slánuiġṫe atá ullaṁ le n‐a ḟoillsiú ins an aimsir ḋeiriḋ. 6Niḋ is eaḋ é do‐ḃeir aḋḃar gáirdeaċais daoiḃ, bíoḋ, má’s gáḃaḋ é, go ḃfuil atuirse ar feaḋ tamaill oraiḃ mar ġeall ar ċaṫuiġṫiḃ éagsaṁla; 7ċum go ḃfaiġfear dearḃú ḃur gcreidiṁ, atá níos luaċṁaire ’ná ór ṫéiġeas ar neiṁniḋ, giḋ go mbruiṫntear é le teiniḋ, go ḃfaiġfear a ṫairḃe i molaḋ, i nglóir, agus i n‐onóir nuair foillseoċar Íosa Críost: 8an té d’á dtugaḃar gráḋ, giḋ naċ ḃfacaḃar é; ag creideaṁain daoiḃ ann, gan a ḟeicsin fós, atá siḃ ag déanaṁ gáirdeaċais le h‐áṫas do‐inniste, lán de ġlóir; 9agus slánú ḃur n‐anmann d’á ḟáġáil agaiḃ mar ṫoraḋ ḃur gcreidiṁ.
10Na fáiḋe do rinne tarngaireaċt fá’n ngrása do ḃí le teaċt ċugaiḃ, d’ḟiosruiġ agus do ċuarduiġ siad go díċeallaċ i dtaoḃ an tslánuiġṫe úd: 11ar lorg na h‐aimsire, nó cóṁarṫa na h‐aimsire d’ḟoillsiġ Spiorad Ċríost do ḃí ionnta, nuair ṫug sé fios roiṁ ré i dtaoḃ a raiḃ le fulang ag Críost, agus i dtaoḃ na glóire do ḃí le leanaṁain ’n‐a ḋiaiḋ. 12Do noċtaḋ ḋóiḃ, naċ dóiḃ féin, aċt daoiḃ‐se do ḃíodar ag dáileaḋ na neiṫe úd atá curṫa i dtuigsin daoiḃ anois aca‐san do ṡeanmóir an soiscéal daoiḃ tríd an Spiorad Naoṁ do cuireaḋ ó neaṁ; neiṫe is mian le h‐aingliḃ a scrúdú.
13D’á ḃriġ sin, ag teannaḋ ḃur n‐intinne, biḋiḋ stuama, agus bíoḋ ḃur súil go h‐iomlán leis an ngrása tiuḃarfar daoiḃ le foillsiú Íosa Críost; 14mar ḋéanfaḋ clann uṁal, gan géilleaḋ do na sean‐ainṁiantaiḃ do ċleaċtaḃar ’n‐ḃur n‐ainḃfios; 15aċt ar ṡompla an té naoṁṫa do ġlaoḋ siḃ, biḋiḋ‐se naoṁṫa mar an gcéadna ’n‐ḃur n‐iomċar uile; 16de ḃriġ go ḃfuil sé scríoḃṫa, Béiḋ siḃ naoṁṫa; óir atáim‐se naoṁṫa. 17Agus má ġlaoḋann siḃ airsean mar Aṫair, do‐ḃeir breiṫ do réir oibre gaċ duine, gan meas do ṫaḃairt ar ṗearsain duine seaċas a ċéile, caiṫiḋ aimsear ḃur ndeoraiḋeaċta le h‐eagla: 18agus a ḟios agaiḃ naċ le neiṫiḃ so‐ṫruailliġṫe, le h‐airgead nó le h‐ór, do fuasclaḋ siḃ ó na baoiṫ‐ċleaċtaiḃ saoġalta ṫáinig i n‐oiḋreaċt ó n’ ḃur sinnsearaiḃ ċugaiḃ; 19aċt le fuil luaċṁair, mar ḟuil uain gan loċt, gan smál, fuil Ċríost: 20do réaṁórduiġeaḋ roiṁ ḃunaḋ an doṁain, aċt do foillsiġeaḋ i ndeireaḋ na n‐aoiseann ar ḃur son‐sa; 21ċreideas tríd‐sean i nDia, do ṫóg ó na marḃaiḃ é, agus ṫug glóir dó; ċum go mbéaḋ ḃur muiniġin agus ḃur ndóċas as Dia. 22Ó ṫárla ḃur n‐anmanna ḃeiṫ glanta ag uṁlú do’n ḟírinne ḋaoiḃ, ċum fíor‐ġráḋ na mbráṫar do ċoṫú, taḃraiḋ gráḋ ó ċroiḋe go dúṫraċtaċ d’á ċéile: 23óir do h‐aiṫ‐ġeineaḋ siḃ, ní ó ṡíol so‐ṫruailliġṫe, aċt ó ṡíol neaṁṫruailliġṫe, le briaṫar biṫ‐ḃeo, buan Dé. 24Óir,
Atá an uile ḟeoil mar an ḃféar,
Agus atá a scéiṁ uile mar ḃláṫ an ḟéir.
Feoġann an féar, agus tuiteann a ḃláṫ;
25Aċt fanann briaṫar an Tiġearna go síorraiḋe. Agus is é briaṫar an tsoiscéil do craoḃscaoileaḋ ḋaoiḃ é seo.

Currently Selected:

1 Peadar 1: JOYNTG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in