1 Chum na gCoirinnteach 5
5
1Atá sé d’á iomráḋ le deiṁne go ḃfuil striapaċas ’n‐ḃur measc, striapaċas naċ ḃfuil le fáġáil i measc na gCiniḋeaḋaċ féin, is é sin go mbéaḋ bainċéile a aṫar ag duine éigin. 2Agus atá siḃ uaiḃreaċ, i n‐ionad ḃeiṫ ag déanaṁ bróin, ċum go dtógfaiḋe as ḃur measc an té do ċleaċt an ċuirpṫeaċt so. 3Im’ ṫaoḃ‐sa, naċ ḃfuil i láṫair i bpearsain, aċt atá i láṫair i spiorad, atá breiṫeaṁnas taḃarṫa agam ċeana, 4i n‐ainm ár dTiġearna Íosa Críost, ar an duine do‐rinne an droċ‐ġníoṁ sin, fá mar ḃéinn i láṫair, ar mbeiṫ ḋaoiḃ‐se agus dom’ spiorad‐sa cruinn le ċéile, le cuṁaċt ár dTiġearna Íosa, 5go dtugtar a leiṫéid sin de ḋuine suas do Ṡátan ċum scriosta na colna, ionnas go saorfaiḋe an spiorad i ló an Tiġearna Íosa.
6Ní maiṫ é ḃur maoiḋṁeaċas. Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ go dtruailliġeann beagán laiḃín an cnap uile? 7Glanaiḋ amaċ an sean‐laiḃín ar fad, ċum go mbéiḋ siḃ ’n‐ḃur gcnap úr‐nua, do réir mar tá siḃ gan laiḃín. Óir atá ár n‐uan cásca, is é sin Críost, íoḋbarṫa. 8Sollaṁnuiġmís an ḟéile, mar sin, ní h‐é le sean‐laiḃín, ná le laiḃín na mailíse agus na cuirpṫeaċta, aċt le h‐arán gan laiḃín, arán an ionnracais agus na fírinne.
9Do scríoḃas ċugaiḃ im’ litir gan baint ḃeiṫ agaiḃ le luċt striapaċais; 10ní h‐iad luċt striapaċais an tsaoġail seo go h‐uile atá i gceist, ná luċt sainnte, ná luċt goidṫe, ná luċt íoḋal‐aḋarṫa; óir dob’ éigean daoiḃ san ċás sin imṫeaċt ó’n tsaoġal ar fad. 11Aċt anois is é rud scríoḃaim ċugaiḃ gan caidreaṁ do ḋéanaṁ le fear ar biṫ go ḃfuil ainm bráṫar air má’s striapaċ é, nó má’s duine sanntaċ é, no fear íoḋal‐aḋarṫa, nó meisceoir, nó gadaiḋe; gan fiú béile do ċaiṫeaṁ i ḃfoċair a leiṫéide sin. 12Óir cia an ċuid dem’ ġnó‐sa ḃeiṫ ag taḃairt breiṫeaṁnais ar an dream atá amuiġ? Naċ ar an dream atá istiġ do‐ḃeir siḃ‐se breiṫeaṁnas? 13Aċt is é Dia do‐ḃeir breiṫeaṁnas ar na daoiniḃ atá amuiġ. Cuiriḋ amaċ as ḃur measc an cuirpṫeaċ úd.
Currently Selected:
1 Chum na gCoirinnteach 5: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.