YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 86

86
LXXXVI Psalm.
1Cláon do ċluas anuas a Ḋé,
Óir ṫáme ainnis truaġ;
2M’anam cóiṁéad óir náoṁṫa táim,
A Ḋé saor me go luaṫ.
Do ṡearḃfóġantúiġe noċ ċuirios,
A ḋóċus ionad do ġnáṫ;
3Déan trócaire orm ’Ḋé na ngrás,
Óir éiġim ort gaċ lá.
4Déan anam do ṡearḃfóġantúiġe,
Go gáirdeaċ le mór‐ṡearc;
Óir is ċuġadsa a Ṫi’arna Dia,
Ṫógaim m’anam a’m’ airc.
5Óir ṫusa a Ṫiġearna táir,
Ro ṁaiṫfeaċ agus maiṫ;
A’s sár‐ṫrócáreaċ do gaċ naén,
Do ġoireas ort gan ṁeaṫ.
6Eist m’úrnaiġ, Ḋia, a’s t’úir fá ndear,
Guṫ gearránaċ mo ċaoí;
7Lá mo ḃuaiḋearṫa gáirfiod ort,
Óir freagóra tú mé.
8A mesc na nDée, ni ḃfuil a Ḋia,
Éan‐neaċ is cosṁuil riot;
Ná néiṫe air biṫ is cosṁúil ris,
Gaċ gníoṁ a rinneaḋ leat.
9Tiocfaid gaċ cine rinneaḋ leat,
A’s sleaċtfuid ḋuit a Ḋé;
A’s ḃéaraid glóir a’s molaḋ árd,
Dod’ ainm‐se feaḋ gaċ ré.
10Do ḃríġ a Ḋé go ḃfuil tú mór,
’S go ndéantar néiṫe leat;
Ta míorḃúilteaċ, ’s tu féin aṁáin,
Dia cóṁaċtaċ na ḃfeart.
11Do ṡlíġṫe teaguisg ḋam a Ḋia,
’S a’d’ ḟírinn gluaisfeaḋ mé;
Ċum eagla ṫ’ainme‐si ḃeiṫ orm,
Claon mo ċróiḋe ċúġad féin.
12Lem’ uile ċroiḋe mollaim‐se ṫú,
A Ṫiġearna mo Ḋia;
’S dod’ ainm ro uasal ḃeirim fós,
Glóire go bráṫ a Ṫriaṫ.
13Oir ’s mór do ṫrócair’ ḋaṁsa, ’Ḋé,
A’s fós ó ifrionn ṡíos;
Fuasglaḋ ṫug tú ár m’anam boċt,
A’s ṫóg tú é a níos.
14Na húaiḃríġ d’éiriġ suas, a Ḋé,
A’m’ aġaiḋ go han‐ḋían;
A’s drong fóiréigneaċ m’anam d’iarr,
Dod’ diúlta‐sa o ċían.
15Aċt tá tú‐sa a Ṫi’arna Dia,
Grásaṁuil trócáreaċ;
Ag fulang a ḃfad le droċ‐ḃeirt,
A’d’ ṫrócair’ fírinneaċ.
16Féuċ orm agus trócaire déan,
T’úir neart dod’ ógláċ féin;
Do ṁac ṫinneilte fós maraon,
Déan fuasglaḋ air a nféiḋm.
17Cóṁarṫa ċum maiṫeasa déan ’Ḋé,
Rium a raḋarc mo ná’id;
’Ḃriġ néirt a’s fóir’ṫin uaitse féin,
Bíḋ náire orra gan ċáird.

Currently Selected:

Psalm 86: PSA1836G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in