YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 99

99
Salm 99.
Dominus regnavit.
1Is é an Tiarna is Rí ann, dá méid í mífhoighne na ndaoine: suíonn sé idir na cearúibím, is cuma chomh corrach ʼsa bhíos an domhan.
2Is mór an Tiarna i Síón: is ard é os cionn na ndaoine uile.
3Tabharfaidh siad buíochas le dʼAinm, atá mór, iontach: óir is naofa é.
4Bíonn cion ar an gceart ag Rí na gcumhacht; chum tú cothroime: chuir tú an breithiúnas agus an fhíréantacht i bhfeidhm in Iácób.
5Móraigí an Tiarna ár nDia, agus ísligí sibh féin faoi stól a chos: óir is naofa é.
6Bhí Maois agus Árón i measc a shagart, agus bhí Samúel ar an dream a ghlaodh ar a ainm: ghlaodar san ar an Tiarna, agus chuala sé iad.
7Labhair sé leo amach as an gcolúin néaltach: óir choinníodar a fhianaisí, agus an dlí a thug sé dóibh.
8Chuala tú iad, a Thiarna ár nDia: is maiteach a bhí tú leo, a Dhia, ach gur chuir tú pionós orthu ar son a ndobheart féin.
9Móraigí an Tiarna ár nDia, agus adhraigí é ar an gcnoc naofa: óir is naofa é an Tiarna ár nDia.

Currently Selected:

Na Sailm 99: OC1965

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy