Na Sailm 90
90
Salm 90.
Domine, refugium.
1A Thiarna, ba thú ár ndídean: ó ghlúin go chéile.
2Sular saolaíodh na sléibhte, sular cruthaíodh talamh an domhain: is tú Dia ó shíoraíocht, agus go saol na saol.
3Cuireann tú ar neamhní an duine: Filligí arís, a deir tú, a chlann Ádhaimh;
4Óir i do shúile níl míle bliain ach mar an lá inné: a dʼimigh tharainn mar thráth san oíche.
5Ní luaithe a scaipeann tú iad, ná bíonn siad mar shuan: agus feonn siad chomh tobann le féar.
6Ar maidin bíonn sé glas, agus fásann sé aníos: ach tráthnóna baintear é, agus éiríonn sé críon caite.
7Óir bímid ag cnaí faoi do dhíbheirg: agus is eagal linn fíoch dʼfheirge.
8Chuir tú ár míghníomhartha os do choinne: agus ár bpeacaí folaithe faoi sholas do ghnúise.
9Óir nuair a bhíonn tú i bhfearg linn, bíonn ár laethanta uile istigh: tarraingímid ar dheireadh ár mblian, mar scéal a insíodh tríd.
10Is iad laethanta ár saoil a deich agus trí fichid bliain; agus bíodh go bhfuil daoine ann a dtugann a láidreacht iad chun na gceithre fichid: ní fhanann acu de bharr a láidreachta ach buaireamh agus brón; ar a luathas agus a théann an saol thart, agus a bhíonn ár ré caite.
11Ach cé a thugas aird ar chumhacht dʼfheirge: nó cé a mbíonn a dhíol eagla air roimh do dhíbheirg?
12Múin fios giorracht ár saoil dúinn: ionas go dtugaimid ár gcroí don eagna.
13Fill arís, faoi dheireadh, a Thiarna: agus bíodh trua agat do do sheirbhísigh.
14Nárbh fhada uainn ár sásamh de do thrócaire: go mbí áthas agus lúcháir orainn ar feadh ár saoil agus ár laethanta.
15Go mba mhóide dár sólás uait, a fhad agus bhíteá ár mbuaireamh: agus na blianta inar fhulaingeamar an t‑olc.
16Taispeáin do shaothar do do sheirbhísigh: agus taispeáin do ghlóir dá gclann.
17Agus bíodh mórghlóir ónár dTiarna Dia orainn: cuir séan ar saothar ár lámh dúinn, agus go soirbhí tú saothar ár lámh.
Currently Selected:
Na Sailm 90: OC1965
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965