YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 67

67
Salm 67.
Deus misereatur.
1Go ndéana Dia trócaire orainn, agus go mbeannaí sé sinn: go dtaispeána sé solas a ghnúise dúinn, agus go ndéana sé trócaire orainn.
2Go raibh eolas do shlí ar fuaid an talaimh: eolas do shlánaithe ag gach náisiún.
3Moladh na ciníocha thú, a Dhia: ná raibh duine nach mbeidh do do mholadh.
4Déanadh na náisiúin lúcháir agus gairdeas: óir déanfaidh tú ceart don phobal, agus rialóidh tú náisiúin an domhain.
5Moladh na ciníocha thú, a Dhia: ná raibh duine nach mbeidh do do mholadh.
6Tabharfaidh an talamh a thorthaí uaidh ansin: agus cuirfidh Dia, ár nDia féin, a bheannacht orainn.
7Cuirfidh Dia a bheannacht orainn: agus beidh a uamhan ar gach uile theorainn den domhan.

Currently Selected:

Na Sailm 67: OC1965

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy