Na Sailm 61
61
Salm 61.
Exaudi, Deus.
1Éist le mo ghlaoch, a Dhia: tabhair cluas do mʼurnaí.
2Glaofaidh mé ort ó dheireadh an domhain: nuair is tromchroíoch mé.
3Cuir suas mé ar an gcarraig is airde ná mé: ó ba tú mo dhóchas, agus mo thúr láidir in aghaidh na naimhde.
4Cónóidh mé i do phailliún go deo: agus beidh mé i muinín do sciathán mar fhoscadh.
5Óir dʼéist tú, a thiarna, lem iarratas: agus thug tú oidhreacht don dream a mbíonn eagla orthu roimh dʼAinm.
6Bronnfaidh tú fad saoil ar an rí: go mbí a bhlianta ag síneadh ar feadh a dtiocfaidh de ghlúna.
7Mairfidh sé go deo os coinne Dé: ullmhaigh do thrócaire ghrámhar agus do dhílseacht, go gcumhdaí siad é.
8Is amhlaidh a sheinnfeas mé moladh dʼAinm: go gcomhlíonfaidh mé mo mhóideanna gach lá.
Currently Selected:
Na Sailm 61: OC1965
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965