Na Sailm 54
54
Salm 54.
Deus, in nomine.
1Saor mé, a Dhia, as ucht dʼAinm: baineadh do chumhacht díoltas amach ar mo shon.
2Éist le mo ghuí, a Dhia: agus tabhair cluas do bhriathra mo bhéil.
3Óir tá coimhthígh i ndiaidh éirí im éadan: agus tá tíoránaigh, nach mbíonn Dia os coinne a súl, ag iarraidh mʼanma.
4Féach, is é Dia mo chúntóir: tá an Tiarna i bhfochair lucht cosanta mʼanama.
5Tabharfaidh sé olc do mo naimhde: scrios iad de réir dʼfhírinne.
6Tabharfaidh mé duit ofráil ó chroí shaor, agus molfaidh mé dʼAinm, a Thiarna: óir is mór an sólás é.
7Óir dʼfhuascail sé mé as mo bhuaireamh uile: agus chonaic mo shúil a mian ar mo naimhde.
Currently Selected:
Na Sailm 54: OC1965
Highlight
Share
Copy
![None](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapi.com%2F58%2Fhttps%3A%2F%2Fweb-assets.youversion.com%2Fapp-icons%2Fen.png&w=128&q=75)
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965