Na Sailm 45
45
Salm 45.
Eructavit cor meum.
1Tá mo chroí ag deachtú dom ar dhea-ábhar: táim ag aithris na ndréacht a chum mé don rí.
2Is cleite mo theanga: i nglac scríbhneora chliste.
3Tá áille agat atá thar áille Shíl Ádhaimh: is lán de ghnaoi do bheola, de bhrí gur bheannaigh Dia go deo thú.
4Croch do chlaíomh ar do shliasaid, a rílaoich: mar is dual do do chlú agus do do cháil.
5Bí ádhúil mar tá tú onóraithe: tiomáin romhat, as ucht briathair na fírinne agus na ceansachta agus na fíréantachta; agus beidh do lámh dheas ag múineadh gníomhartha creathnacha duit.
6Is géar atá do shaigheada i gcroíthe naimhde an rí: agus cuirfear na daoine faoi do smacht.
7Is buan go brách do chathaoir, a Dhia: is slat chirt í slat do ríochta.
8Thug tú grá don fhíréantacht, agus fuath don éagóir: dá bharr sin dʼung Dia, do Dia féin, tú le hola an aoibhnis de roghain thar laochra eile.
9Is cumhra dʼéadaí uile le miorr agus le fóifíonach agus le cassia: a tháinig as na cúirteanna eabhra dob ábhar do do shó.
10Bíonn iníonacha rí ar do mhná uaisle: ar do láimh dheas tá an bhanríon i ngúna órshnáithe, a bhfuil obair ildaite faoi.
11Éist, a iníon, agus tabhair aire, agus claon do chluas: dearmad do mhuintir féin, agus teaghlach dʼathar.
12Is amhlaidh a thaitneoidh dʼáilleacht leis an rí: óir is é do Thiarna é, agus umhlaigh dó.
13Beidh iníon Tiorra ansin le tabhartas: agus beidh na fir shaibhre fós ar na daoine ag cur a n‑achainíocha i do láthair.
14Tá iníon an rí ar aon bharr dealraithe istigh sa chúirt: níl ina héadaí ach ór fite.
15Tabharfar faoi dhéin an rí í in éadaí gréas‑oibre: beidh na maighdeana a bhíos léi ina coimhdeacht, agus tabharfar chugat iad.
16Beidh siad á gcomóradh go lú cháireach áthasach: ag dul isteach i gcúirt an rí.
17Beidh clann agat in ionad dʼaithreacha: féadfaidh tú ríthe a dhéanamh díobh ar fuaid na dtíortha.
18Beidh mé ag cur dʼainm i gcuimhne ó ghlúin go chéile: is amhlaidh a bheidh na ciníocha ag tabhairt buíochais duit, saol gan chrích.
Currently Selected:
Na Sailm 45: OC1965
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965