Na Sailm 143
143
Salm 143.
Domine, exaudi.
1Éist lem urnaí, a Thiarna, agus bíodh aird agat ar mʼachainí: tabhair cluas dom as ucht dʼfhírinne agus as ucht dʼfhíréantachta.
2Agus ná téigh i mbreithiúnas le do sheirbhíseach: óir níl duine beo a fhíréanófar os do chomhair.
3Óir chuir an namhaid géarleanúint ar mʼanam; threascair sé mo bheatha chun talaimh: dʼfhág sé mé i mo luí sa dorchadas, mar na daoine atá i bhfad marbh.
4Dá bhrí sin tá mo sprid i mo lár faoi bhuaireamh: agus bíonn uaigneas ar an gcroí atá i mo chliabh.
5Ní lúide bím ag cuimhneamh ar a ndeachaigh tharainn; bím ag machnamh ar dʼoibreacha uile: is deimhin go mbím ag meabhrú ar oibreacha do lámh.
6Sínim chugat mo lámha: bíonn mʼanam mar thalamh thartmhar ag tnúth leat.
7Éist liom, a Thiarna, go haithghearr, óir tá mo sprid á cloí: ná ceil do ghnúis orm, ar eagla go mbʼionann cás dom agus don dream a théann síos sa pholl.
8Bím ag cluinstin trácht ar do charthanacht ghrách go moch ar maidin, óir is asat a bhíos mo mhuinín: déan eolas dom ar an slí inar chóir dom siúl, óir is chugat a bhím ag ardúmʼanma.
9Fuascail mé, a Thiarna, ó mo naimhde: óir is chugat a theithim go bhfolaí tú mé.
10Múin dom déanamh mar thaitníos leat, óir is tú mo Dhia: bíodh do sprid ghrách do mo sheoladh amach i dtír na fíréantachta.
11Beoigh mé, a Thiarna, as ucht dʼAinm: agus as ucht dʼfhíréantachta tabhair mʼanam as a bhuaireamh.
12Agus tugadh do mhaitheas ort mo naimhde a mharú: agus lucht buartha mʼanma a scrios; óir is mé do sheirbhíseach.
Currently Selected:
Na Sailm 143: OC1965
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965