Na Sailm 107
107
Salm 107.
Confitemini Domino.
1Tugaigí buíochas leis an Tiarna ar a mhaitheas: agus ar son a thrócaire a mhairfeas de shíor.
2Tugadh an dream buíochas a shlánaigh an Tiarna: agus a dʼfhuascail sé as láimh an namhad;
3Agus a chruinnigh sé as na tíortha, anoirʼs aniar: aduaidh aʼs aneas.
4Chuadar ar seachrán slí san fhásach: ní fhuaireadar cathair chónaithe.
5Idir an tart agus an t‑ocras: lagaigh a n‑anam ina lár.
6Ghlaodar mar sin ar an Tiarna ina mbuaireamh: agus dʼfhuascail sé as a ngéibheann iad.
7Rinne sé eolas na slí dóibh: go rachaidís go dtí a gcathair chónaithe.
8Go mola na daoine mar sin an Tiarna ar son a mhaitheasa: go n‑insí siad a ndéanann sé dʼiontais don Ádhamhchlann!
9Óir sásaíonn sé an anam fholamh: agus líonann sé an anam ocrach de mhaitheas.
10An dream a shuíos i ndorchadas, agus i scáil an bháis: ceangailte i gcruachuibhreach an anró agus an iarainn;
11De bhrí gur éiríodar i dtréas ar bhriathra an Tiarna: agus go mba bheag a mbeann ar chomhairle an Té is Airde.
12Chuir sé trom‑ualach orthu a dʼísligh a gcroí: thiteadar ar lár, agus ní raibh fear a gcuidithe le fáil.
13Ach nuair a ghlaodar ar an Tiarna ina mbuaireamh: dʼfhuascail sé as a ngéibhinn iad.
14Óir thug sé amach as an dorchadas agus as scáil an bháis iad: agus bhris sé a gcuibhreacha i mbloghanna.
15Go mola na daoine mar sin an Tiarna ar a mhaitheas: go n‑inse siad a ndéanann sé dʼiontais don Ádhamhchlann!
16Óir bhris sé geataí an phráis: agus rinne sé dhá leath de na sparraí iarainn.
17Tagann plá ar na daoine amaideacha de bharr a gcoire: agus de bharr a n‑urchóide.
18Níl cineál bia nach mbíodh gráin acu air: bhíodar i ngar do dhoras an bháis.
19Ach nuair a ghlaodar ar an Tiarna ina mbuaireamh: is é dʼfhuascail as a ngéibheann iad.
20Chuir sé a bhriathar chucu, gur leigheasaigh iad: agus slánaíodh iad ón scrios a bhí i ndán dóibh.
21Go mola na daoine mar sin an Tiarna ar a mhaitheas: go n‑insí siad a ndéanann sé dʼiontais don Ádhamhchlann!
22Go n‑ofrála siad íobairt an bhuíochais dó: go mba ghairdeach a fhoilsí siad a oibreacha!
23Lucht loingis agus lucht seolta an tsáile: a chleachtaíonn a gceard ar mhórmhuir;
24Is iad a fheiceann oibreacha an Tiarna: agus a fheiceann a iontais ar an aibhéis mhór.
25Focal uaidh, agus éiríonn an séideán gaoithe: a bhíos ag tógáil a tonnta.
26Téann siad suas chun neimhe, agus síos go grinneall na farraige: bíonn a n‑anam ag leá leis an mbuaireamh.
27Sciordann siad ó thaobh go taobh, mar fhear ar meisce; agus na cosa ag imeacht as fúthu: agus bíonn siad i mbarr a gcéille.
28Ach nuair a ghlaonn siad ar an Tiarna ina mbuaireamh: fuasclaíonn sé as a ngéibheann iad.
29Cuireann sé cosc leis an ndoineann: go socraíonn a tonnta.
30Bíonn lúcháir orthu go bhfuaireadar suaimhneas: agus is amhlaidh tugann sé go cuan agus go calafort iad, mar ba mhian leo a bheith.
31Go mola na daoine mar sin an Tiarna ar a mhaitheas: agus go n‑insí siad a ndéanann sé dʼiontais don Ádhamhchlann!
32Go móra siad é i gcruinniú an phobail: go mola siad é i suíochán na seanóirí!
33Déanann sé fásach de na srutháin: agus triomaíonn sé na toibreacha uisce.
34Bánaíonn sé na tailte méithe: as ucht urchóide a lucht áitreafa.
35Agus déanann sé arís fuarán buan den fhásach: agus toibreacha uisce den talamh tirim.
36Agus cuireann sé lucht an ocrais ann: go dtóga siad cathair dóibh chun cónaithe;
37Go gcuire siad síol ar a dtalamh, agus go gcuire siad fíonghoirt: a thabharfadh tuilleadh torthaí dóibh.
38Cuireann sé a bheannacht orthu, go méadaíonn siad go mór: ní ligeann sé dá n‑eallach dul i laghad.
39Agus arís, nuair a thagann laghdú nó lagadh orthu: le diansmacht, nó plá, nó buaireamh ar bith;
40Cé go bhfearann sé dímheas ar na flatha: agus go ligeann sé dóibh dul ar seachrán slí san fhásach;
41Cuidíonn sé ina dhiaidh sin leis na boicht a theacht as a n‑ainnise: agus déanann sé teaghlaigh mar thréada caorach.
42Tabharfaidh an fíréan sin faoina aire, agus beidh áthas air: agus tostfar béal na hurchóide uile.
43An té bhíos eagnaí, déanfaidh sé meabhrú air sin: agus gheobhaidh siad tuiscint ar charthanacht ghrámhar an Tiarna.
Currently Selected:
Na Sailm 107: OC1965
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965