YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 101

101
Salm 101.
Misericordiam et judicium.
1An trócaire agus an breithiúnas is ábhar do mʼamhrán: is duitse, a Dhia, a chanfaidh mé é.
2Tabhair dom bheith tuisceanach: faoi shlí na cráifeachta.
3Ca huair a thiocfaidh tú chugam: siúlfaidh mé i mo theach le croí gan chlaon.
4Ní ghlacfaidh mé drochbheart idir lámha; bíonn fuath agam do pheacaí na mídhílseachta: ní bhfaighidh a leithéid greim orm.
5Imeoidh croí claon uaim: ní chuirfidh mé aithne ar fhear an oilc.
6An té bhíos ag ithiomrá ar a chomharsa os íseal: scriosfaidh mé an fear sin.
7Fear na súl díomasach agus na hardintinne: ní fhulaingeoidh mé é.
8Bíonn mo shúile ar lucht dílseachta na tíre: go mbí siad ar aontíos liom.
9An té a chaitheas a bheatha go cráifeach: is é a bheas mar sheirbhíseach agam.
10Ní chónóidh mealltóir i mo theach: ná ní fhanfaidh an bréagaire ar mʼamharc.
11Is gairid go scriosfaidh mé daoine míchráifeacha na tíre: go gcuire mé ar ceal lucht cleachtaithe na ndrochghníomhartha ó chathair an Tiarna.

Currently Selected:

Na Sailm 101: OC1965

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy