YouVersion Logo
Search Icon

Títeas 3

3
Dualgais an Chríostaí
1Cuir i gcuimhne dóibh a bheith umhal do rialtóirí agus do lucht ceannais; a bheith géilliúil agus ullamh chun gach gníomh fónta a dhéanamh; 2gan míchlú a chur ar dhuine ar bith ach a bheith síochánta, cneasta, cineálta leis an uile dhuine ina n-iompar ar fad. 3Bhíomar féin gan chiall tráth; bhíomar easumhal agus ar seachrán, bhíomar tugtha dʼainmhianta agus do phléisiúir den uile shórt; bhíomar lán dʼurchóid agus dʼfhormad; bhíomar gráiniúil agus bhí fuath againn dá chéile. 4Ach nuair a nochtadh cineáltas Dé, ár Slánaitheoir, agus a ghrá don chine daonna, shaor sé sinn. 5Agus ní de bharr aon dea-oibreacha fíréantachta a bheith déanta againne é ach as ucht a thrócaire féin. Shaor sé sinn trí fhothragadh na hathghiniúna agus trínár n-ath-nuachan ag an Spiorad Naomh. 6Dháil sé an Spiorad orainn go fras trí Íosa Críost, ár Slánaitheoir 7chun go bhfíréanófaí sinn lena ghrásta agus go mbeimis inár n-oidhrí aige agus súil againn leis an mbeatha shíoraí.
8Is barántúil an ráiteas é sin, agus ba mhaith liom go gcuirfeása teannadh leis an méid sin, i dtreo, an mhuintir a chreideann i nDia, go gcaithfidís a ndúthracht le dea-oibreacha. Is maith iad na dea-oibreacha iontu féin agus is tairbheach iad do dhaoine.
9Ar an taobh eile, áfach, seachain na díospóireachtaí baotha agus na ginealaigh agus na hachrainn agus na conspóidí i dtaobh an dlí, mar nach bhfuil tairbhe ná éifeacht iontu. 10An duine a bhíonn ag cothú easaontais, tabhair foláireamh dó uair nó dhó agus cuir suas de as sin amach. 11Bíodh a fhios agat go bhfuil a leithéid sin claon agus ag déanamh peaca agus go bhfuil sé daortha as a bhéal féin.
Beannachtaí
12Nuair a sheolfaidh mé Artamas nó Tichiceas chugat, brostaigh-se chugam go Niocapoil mar is ansin atá beartaithe agam an geimhreadh a thabhairt. 13Tabhair do dʼaire go gcuirfear Zaenas dlíodóir agus Apallós chun siúil agus nach mbeidh aon ní in easnamh orthu. 14Foghlaimíodh ár muintir nach mór dóibh a bheith i mbun dea-oibreacha chun riar a gcáis a sholáthar agus gan a bheith neamh-thorthúil.
15Cuireann a bhfuil anseo liom a mbeannacht chugat. Beannaigh dóibh sin a thugann grá dúinn sa chreideamh. Grásta go raibh agaibh go léir.

Currently Selected:

Títeas 3: ABN2012

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in