YouVersion Logo
Search Icon

Apacailipsis (Taispeántadh) 8

8
An Seachtú Séala
1Nuair a dʼoscail an tUan an seachtú séala, tharla ciúnas, mar a bheadh ar feadh leathuaire, sna flaithis .
Urnaithe na Naomh
ag Brostú an Lae
2Ansin chonaic mé seacht dtrumpa dá dtabhairt do na seacht n-aingeal a bhí ina seasamh os comhair Dé. 3Agus tháinig aingeal eile agus sheas sé ag an altóir agus túiseoir órga aige; agus tugadh dó iliomad túise le cumasc le hurnaithe na naomh ar an altóir órga a bhí os comhair na rí-chathaoireach. 4Agus chuaigh deatach na túise mar aon le hurnaithe na naomh go léir in airde ó lámh an aingil a bhí os comhair Dé. 5Ansin thóg an t-aingeal an túiseoir agus líon é le tine ón altóir agus theilg ar an domhan é. Dʼéirigh roistí toirní, agus tormáin, agus tintreacha, agus crith talún.
Na Chéad Cheithre Thrumpa
6Ansin phrapáil na seacht n-aingeal leis na seacht dtrumpa chun iad a shéideadh. 7Shéid an chéad aingeal a thrumpa, agus tharla clocha sneachta agus tine measctha ar fhuil agus teilgeadh ar an domhan iad; loisceadh trian an domhain, loisceadh trian na gcrann, agus loisceadh an féar glas go léir. 8Shéid an dara haingeal a thrumpa agus teilgeadh mar a bheadh sliabh mór ar dearglasadh amach sa bhfarraige. 9Rinneadh fuil de thrian den fharraige agus fuair trian de mhíolta beo na farraige bás, agus scriosadh trian na long. 10Shéid an tríú haingeal a thrumpa. Thit réalta mhór ó na flaithis, í ar lasadh mar a bheadh lóchrann; agus thit sí ar thrian na n-aibhneacha agus ar na toibreacha fíor-uisce. 11“Mormónta” is ea a thugtar mar ainm ar an réalta. Agus rinne mormónta de thrian na n-uiscí, agus is iomaí duine a fuair bás ó na huiscí mar gur éirigh siad searbh. 12Ansin shéid an ceathrú haingeal a thrumpa agus buaileadh trian den ghrian agus den ghealach agus trian de na réaltaí, i dtreo gur dhorchaigh ar thrian díobh agus go raibh trian den lá gan soilsiú agus trian den oíche mar an gcéanna.
13Ansin i bhfís dom chuala mé iolar ag glaoch go hard agus é ag eitilt in arda Neimhe: “Mairg, mairg, mairg dá bhfuil ag áitreabh ar talamh, de bharr ghlór na dtrumpaí eile atá le séideadh ag na trí aingeal.”

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in