YouVersion Logo
Search Icon

Apacailipsis (Taispeántadh) 11

11
An Bheirt Fhinnéithe
1Ansin tugadh bata dom mar shlat tomhais agus é dá rá liom: Éirigh agus tomhais teampall Dé, agus an altóir agus an lucht adhartha ansiúd; 2ach cúirt sheachtrach an teampaill, ná bac léi, agus ná tomhais í mar tugadh í do na ciníocha agus satlóidh siad ar an gcathair naofa faoina gcosa ar feadh dhá mhí agus daichead. 3Ach fágfaidh mé faoi mo bheirt fhinnéithe é, agus beidh siad ag fáidheoireacht ar feadh míle dhá chéad agus trí fichid lá, agus iad gléasta i sacéadaí. 4Is iad-san an dá chrann ola, agus an dá lóchrann a sheasann os comhair Thiarna an domhain. 5Agus más áil le haon duine dochar a dhéanamh dóibh, tagann tine as a mbéal agus slogann a naimhde. Más áil le haon duine dochar a dhéanamh dóibh, más ea, is mar sin nach foláir é a mharú. 6Tá sé de chumhacht acu na spéartha a iamh i dtreo nach mbeidh aon bháisteach ann le linn laethanta a bhfáidheoireachta; agus tá de chumhacht acu na huiscí a iompú ina bhfuil, agus an talamh a bhualadh le gach sórt plá a mhinice agus is mian leo. 7Agus ar gcríochnú a bhfianaise dóibh, an beithíoch a éiríonn aníos as an duibheagán, fearfaidh sé cogadh orthu agus cloífidh iad agus maróidh iad. 8Agus beidh a gcorpáin ina luí ar shráid na cathrach móire–ar a dtugtar go fíorúil Sodam, agus an Éigipt mar ar céasadh a dTiarna chomh maith; 9agus daoine ó gach pobal agus treibh agus teanga agus cine ag stánadh ar a gcorpáin ar feadh trí lá go leith, gan cead a thabhairt iad a adhlacadh; 10agus gairdeas ar áitritheoirí an domhain ina dtaobh. Cuirfidh siad tabhartais chun a chéile mar gur chiap an bheirt fháithe seo áitritheoirí an domhain.”
11Ansin tar éis trí lá go leith chuaigh spiorad beatha ó Dhia isteach iontu, agus sheas siad ar a mboinn, agus ghabh scéin mhór a raibh ag faire orthu. 12Agus chuala siad guth tréan ó na flaithis dá rá leo: “Tagaigí anseo aníos!” Agus chuaigh siad suas chun na bhflaitheas i néal agus a naimhde ag faire orthu. 13Ag an nóiméad sin tharla crith mór talún agus thit deachú den chathair, agus fuair seacht míle duine bás sa chrith talún; ghabh eagla an chuid eile agus thug siad glóir do Dhia na bhflaitheas.
An Seachtú Trumpa
14Tá an dara mairg imithe léi. Féach, tá an tríú mairg ag teacht gan mhoill.
15Ansin shéid an seachtú haingeal a thrumpa. Agus bʼiúd guthanna tréana sna flaithis dá rá: “I lámh ár dTiarna agus a Chríost a tharla tiarnas an domhain agus rialóidh sé ar feadh na síoraíochta.” 16Agus an ceathrar seanóirí ar fhichid a bhí ina suí ina rí-chathaoireacha os comhair Dé, chaith siad iad féin ar a mbéala agus thug siad adhradh do Dhia 17dá rá:
“Beirimid buíochas leat, a Thiarna, a Dhia Uilechumhachtaigh, an té atá ann agus a bhí
mar gur ghlac tú chugat do mhórchumhacht
agus go ndeachaigh tú i mbun rialaithe.
18Ghabh fearg na ciníocha,
ach tháinig fraoch dʼfheirge agus uain an bhreithiúnais ar na mairbh,
uain cúiteamh a thabhairt do do sheirbhísigh, na fáithe,
agus do na naoimh agus don dream ag a bhfuil urraim do dʼainm, idir bheag agus mhór,
uain scriosta lucht scriosta an domhain.”
19Ansin osclaíodh teampall Dé ar neamh, agus bhí radharc ar áirc a chonartha ina theampall agus tharla tintreacha, agus glórtha agus toirneacha, agus crith talún agus a lán cloch sneachta.

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in