Apacailipsis (Taispeántadh) 1
1
Réamhrá
1Is é seo apacailipsis Íosa Críost a thug Dia dó chun go dtaispeánfadh sé dá sheirbhísigh cad iad na nithe nach foláir a theacht gan mhoill; sheol sé a aingeal uaidh agus chuir in iúl é dʼEoin a sheirbhíseach; 2thug seisean fianaise ar bhriathar Dé agus ar fhianaise Íosa Críost de réir mar a chonaic sé. 3Is méanar dó seo a léann os ard agus a éisteann le focail na fáistine seo agus a choimeádann a bhfuil scríofa inti; óir tá an uain in achomaireacht.
Litreacha chuig
na hEaglaisí Beannú
4Eoin chun na seacht n-eaglais san Áise: Grásta chugaibh, agus síocháin ón té atá, a bhí, agus atá le teacht, agus ó na seacht spiorad os comhair a rí-chathaoireach 5agus ó Íosa Críost an finné dílis, an chéad-ghin ó mhairbh, rialtóir ríthe an domhain. Don té a bheir grá dúinn, agus a scaoil sinn ónár gcionta trína fhuil féin, 6agus a rinne ríocht agus sagairt dá Dhia agus dá athair dínn, don té sin go raibh glóir agus cumhacht ar feadh na síoraíochta. Áiméan. 7Féach, tá sé ag teacht ar néalta Neimhe, agus feicfidh gach duine lena shúile cinn é, fiú iad siúd a tholl é, agus beidh ciníocha uile an domhain ag déanamh mairgní dá bharr. Abair é! Áiméan. 8“Mise an tAlfa agus an Óimige”, deir an Tiarna Dia, an té atá, a bhí agus atá le teacht, an tUilechumhachtach.
Tús na Físe
9Mise Eoin bhur mbráthair atá páirteach libh in Íosa sa duainéis, sa ríocht agus sa bhfoighne. Bhí mé san oileán ar a dtugtar Patmas ar son briathar Dé a fhógairt agus fianaise Íosa. 10Ba é lá an Tiarna é agus bhí mé faoi luí an Spioraid, agus chuala mé ar mo chúla glór tréan, mar ghlór trumpa, 11dá rá: “Scríobh i leabhar a bhfeiceann tú agus seol é go dtí na seacht n-eaglais, go hEifeasas, go Smiorna, go Péargamas, go Tiáitire, go Sairdeas, go Filideilfia, agus go Láódacáia.” 12Dʼiompaigh mé timpeall féachaint cén glor a labhair liom, agus, ar iompú dom, chonaic mé seacht gcoinnleoir óir, 13agus i measc na gcoinnleoirí neach mar mhac duine, é gléasta in éide fhada agus crios órga faoina bhrollach. 14Bhí a cheann agus a ghruaig geal mar olann gheal, mar an sneachta, agus a shúile mar bhladhm thine, 15agus a chosa ar lí an phráis líofa arna scagadh i bhfoirnéis, agus a ghlór mar ghlór tuilte lána. 16Bhí seacht réalta aige ina dheaslámh, agus óna bhéal ghluais claíomh géar dhá fhaobhar, agus bhí a cheannaithe ar dhealramh na gréine faoi lántaitneamh.
17Nuair a chonaic mé é, chaith mé mé féin ag a chosa i mo staic. Ach leag seisean a lámh dheas orm dá rá: “Ná bíodh eagla ort. Mise an té atá ar tosach agus ar deireadh; an neach beo; 18ba mharbh dom, ach anois is beo dom ar feadh na síoraíochta, agus tá eochracha an bháis agus Ifrinn agam. 19Scríobh, más ea, a bhfuil feicthe agat, agus a bhfuil ann, agus a bhfuil le teacht ina ndiaidh seo. 20Maidir le rúndiamhair na seacht réalta a chonaic tú ar mo dheaslámh, agus na seacht gcoinnleoir óir, is iad na seacht réalta aingil na seacht n-eaglais, agus is iad na seacht gcoinnleoir na seacht n-eaglais.
Currently Selected:
Apacailipsis (Taispeántadh) 1: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.