YouVersion Logo
Search Icon

Salm 92

92
An Ceart Diaga
1 Salm. Amhrán le haghaidh na Sabóide.
2Is maith é buíochas a thabhairt don Tiarna,
agus ceol a dhéanamh do dʼainm, a Neach is Airde,
3dʼfhonn do bhuan-ghrá a fhógairt ar maidin,
agus do dhílse i dtráthanna na hoíche,
4le ceol na cruite agus na cláirsí;
mar aon le ceadal na lire.
5 Óir chuir do ghníomhartha áthas orm, a Thiarna;
déanaim gairdeas in oibreacha do lámh.
6Nach éachtach iad dʼoibreacha, a Thiarna!
nach domhain iad go dearfa do smaointe!
7Ní aithníonn fear na díchéille,
ná ní thuigeann an t‑amadán an ní seo.
8Cé go n‑eascraíonn na héagráifigh mar fhéar,
agus go mbíonn na hainbheartaigh faoi bhláth,
9níl i ndán dóibh ach léir-scrios go brách;
ach is tusa, a Thiarna, an Neach is Airde de shíor.
10Óir scriosfar do naimhde, is ea do naimhde, a Thiarna,
agus scaipfear na hurchóidigh go léir.
11Thug tú dom neart an daimh allta,
agus dhoirt tú ola úr orm anuas.
12Dʼfhéach mo shúile go buach ar mo naimhde;
chuala mo chluasa dea-scéala a dtreascartha.
13Beidh na fíréin faoi bhláth mar chrann pailme;
fásfaidh siad mar chéadras na Liobáine.
14Arna bplandú in áras an Tiarna dóibh,
beidh siad faoi mhaise i gcúirteanna Dé.
15Tabharfaidh siad toradh uathu fiú amháin nuair is críon dóibh,
agus iad go húrghlas i gcónaí,
16a fhoilsiú a fhíréanta is atá an Tiarna;
mo charraig é, gan mí-ionracas ar bith ann.

Currently Selected:

Salm 92: ABN2012

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Salm 92