Salm 62
62
Dia ár nDídean
1 Don stiúrthóir. Dé réir Iduthun. Salm [le] Dáiví.
2I nDia amháin atá mʼanam ar a shuaimhneas;
is uaidh a thagann mo chúnamh.
3Is é mo charraig é, mo shlánú agus mo dhaingean;
ní dhéanfar mo bhogadh.
4Cá fhad a thabharfaidh sibh faoi dhuine,
sibh go léir dʼfhonn a bhriste,
mar dhúmas gur bhalla fíorsceabhach é,
nó fál ar tí titim?
5 Beartaíonn siad ar mo leagan ar lár;
is áil leo an t‑éitheach.
Bíonn an bheannacht ina mbéal de shíor
agus an mhallacht ina gcroí. Selah
6Bí ar do shuaimhneas i nDia amháin, a anam liom,
óir is ann atá mo dhóchas.
7Is é mo charraig é, mo shlánú agus mo dhaingean;
ní dhéanfar mo bhogadh.
8Is i nDia atá mo shlánú is mo ghlóir;
is carraig chumhachtach agus díon dom é.
9Cuirigí bhur ndóchas ann i gcónaí, a phobal;
ligigí rún bhur gcroí leis.
Is é Dia ár ndídean. Selah
10Níl san Ádhamhchlann ach puth anála,
níl sna huaisle ach bréag;
nuair a dhéantar a meá is éadroime iad uile
ná an phuth anála féin.
11Ná bíodh bhur ndóchas san ansmacht
ná bhur maíomh san fhoghail.
Má dhéantar bhur maoin a mhéadú
ná santaigí in bhur gcroí í.
12Aon uair amháin a labhair Dia,
dhá ní a chuala mé;
gur le Dia an chumhacht, a Thiarna,
13agus gur leat-sa an buan-ghrá,
agus go ndíolann tú an comhar le gach aon neach
de réir a shaothair.
Currently Selected:
Salm 62: ABN2012
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.