YouVersion Logo
Search Icon

Salm 52

52
Peacaí na Teanga
1 Do stiúrthóir an chóir. Mascil de chuid Dháiví 2nuair a tháinig Dóéig an tEadómach chuig Sól dá rá leis: “Chuaigh Dáiví isteach i dteach Aichímeilic.”
3Cad chuige duit bheith ag maíomh as do mhioscais,
a ghaiscígh na hurchóide?
4Déanann tú uisce faoi thalamh feadh an lae,
agus faobhar ar do theanga mar rásúr géar,
a chealgaire ghlic.
5Is ansa leat an t‑olc ná an mhaitheas,
an t‑éitheach ná an fhírinne.
6Is áil leat an uile chaint dhíobhálach,
a theanga na camastaíola.
7Uime sin déanfaidh Dia do scriosadh
agus do mhilleadh go deo.
Sracfaidh sé as do bhoth amach thú
agus bainfidh sé amach ó fhréamh thú
as talamh na mbeo.
8Feicfidh na fíréin is beidh eagla orthu;
beidh siad ag gáire faoi, dá rá:
9“Sin é an fear nár mhian leis
go mbeadh Dia ina dhaingean aige,
ach a chuir a dhóchas in iomad a mhaoine
agus a neart ina choirpeacht.”
10Ach bímse mar úrchrann olóige in áras Dé;
ʼs tá mo dhóchas i ndilghrá Dé
go brách agus choíche.
11Tabharfaidh mé buíochas duit go deo
de bharr a ndearna tú,
agus fógróidh mé feabhas dʼainm-se
i bhfianaise na bhfíréan.

Currently Selected:

Salm 52: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in