Salm 50
50
Toirbhir do Dhia Íobairt an Mholta
1 Salm Ásáf.
1 Labhair an Tiarna–is é Dia na ndéithe é–
agus ghair sé chuige an chruinne.
2As Síón a shoilsigh Dia le barr scéimhe;
3Tháinig ár nDia amach, ní fhanfaidh sé ina thost.
Gluaisfidh tine chraosach roimhe amach
agus anfa gaoithe ina thimpeall.
4Fágfaidh sé a fhianaise ar neamh agus ar talamh
go dtabharfaidh sé breithiúnas ar a phobal:
5“Cruinnigí mo phobal naofa i mo láthair
a cheangail mo chonradh le híobairt.”
6Foilsíonn na flaithis a fhíréantacht
óir is é Dia é féin is breitheamh.
7“Éistigí, a phobal liom, labhróidh mé,
tabharfaidh mé fianaise i do choinne, a Iosrael;
óir is mise is Dia ann–do Dhiasa.
8Ní de bharr dʼíobairtí a cháinim thú:
bíonn do loiscíobairtí i mo láthair de shíor.
9Ní ghlacfaidh mé le tarbh ó do theach
ná le pocaide gabhair de do thréada.
10Óir is liom ainmhithe uile na coille
agus na mílte beithíoch ar mo shléibhte.
11Is aithnid dom éanlaith an aeir
agus is liom a ngluaiseann sa mhachaire.
12Dá mbeadh ocras orm ní duit-se a inseoinn é,
óir is liom an domhan agus a bhfuil ann.
13An dóigh leat go n‑ithimse feoil tarbh?
An measann tú go n‑olaimse fuil gabhar?
14Toirbhir íobairt an bhuíochais do Dhia
díol do mhóideanna leis an Té is Airde.
15Glaoigh orm ansin in am na hanacra;
saorfaidh mé thú agus tabharfaidh tú urraim dom.”
16Ach is é a deir Dia leis an bpeacach:
“Cén ceart atá agat-sa mo dhlí a fhógairt
agus lán béil a dhéanamh de mo chonradh?
17Ó tharla gur fuath leat mo dhlí
agus go ndéanann tú neamhní de mo bhriathra?
18Nuair a fheiceann tú gadaí téann tú i bpáirt leis
agus gabhann tú i gcomhar le lucht adhaltranais.
19Tugann tú do bhéal don olc
agus cumann tú bréaga le do theanga.
20Tugann tú míchlú do bhráthar i do shuí duit,
tromaíonn tú ar mhac do mháthar féin.
21Déanann tú amhlaidh, agus an mbeidh mise i mo thost?
An dóigh leat gurb é do dhálasa agam-sa é?
Táim do do cheartú agus do do chúisiú.
22Aire daoibh, a lucht dearmadta Dé;
sula mbéarfainn oraibh is gan fear bhur dtarrthála ann;
23an té a ghabhann buíochas mar íobairt,
is é sin an té a thugann urraim dom;
agus don té a mhaireann gan cháim
taispeánfaidh mé slánú Dé.”
Currently Selected:
Salm 50: ABN2012
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.