Salm 47
47
Rí an Domhain
1 Do stiúrthóir an chóir. Salm chlann Chorach.
2Buailigí bhur mbosa, a chiníocha uile;
glaoigí ar Dhia le gártha gairdis!
3Óir is ard é an Tiarna agus is uamhnach,
ina ardrí os cionn na cruinne.
4Cuireann sé ciníocha faoinár smacht
agus cuireann sé náisiúin faoinár gcosa.
5Is uaidh a fuaireamar ár n‑oidhreacht;
oidhreacht Iacób dá dtugann sé grá.
6Gabhann Dia in airde le gártha molta;
gabhann sé in airde le séideadh an stoic.
7Seinntear ceol dár nDia, seinntear ceol dó;
seinntear ceol dár Rí, seinntear ceol dó!
8Is é Dia rí na cruinne go léir;
seinnigí agus canaigí go hoilte dó!
9Tá Dia ina rí ar na náisiúin;
tá sé ina shuí ar a rí-chathaoir naofa.
10Cruinníonn taoisigh na gciníocha i gceann a chéile;
i bhfochair phobal Dhia Abrahám.
Óir is le Dia lucht rialaithe na cruinne;
is aige atá an chumhacht go hiomlán.
Currently Selected:
Salm 47: ABN2012
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.