Salm 140
140
Fuascail Mé ó Líon na nUrchóideach
1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.
2Fuascail mé a Thiarna, ón drochdhuine;
cosain mé ar fhear an fhoréigin,
3ar lucht beartaithe an oilc ina gcroí,
a mbíonn aighneas dá mhúscailt de shíor acu.
4Cuireann siad faobhar ar a dteanga mar nathair;
agus bíonn nimh na nathrach faoina mbeola.
5 Tarrthaigh mé ó láimh an urchóidigh, a Thiarna;
cosain mé ar fhear an fhoréigin;
is mian leo barrthuisle a bhaint asam.
6Chuir na díomasaigh gaiste i bhfolach romham;
leath siad líon agus téada romham;
chuir siad súil ribe romham sa tslí. Selah
7Deirim leis an Tiarna: “Mo Dhia thú!”
Éist, a Thiarna, le glór mo ghuí.
8A Thiarna Dia, is tú mo chabhair chumhachtach;
cumhdaíonn tú mo cheann lá an chatha.
9Ná géill, a Thiarna, do mhianta na n‑urchóideach;
nár éirí lena mírúin mhailíseacha. Selah
10Tógann an drong atá thart timpeall orm a gceann;
go dtreascraí mailís a mbruas féin iad.
11Go bhfeara sé sméaróidí dearga orthu anuas;
go gcaithe sé isteach i bpoll talún iad,
i dtreo is nach n‑éirí siad arís.
12Ní bheidh an rath ar fhear na drochtheanga;
tiocfaidh an tubaiste ar fhear an fhoréigin.
13Is eol dom go ndéanfaidh an Tiarna,
ceart is cóir don duine bocht ʼs don duine dealbh.
14Tabharfaidh na fíréin buíochas do dʼainm;
agus mairfidh lucht an ionracais i do láthair.
Currently Selected:
Salm 140: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.