Salm 125
125
Muinín Iosrael sa Tiarna
1 Amhrán Oilithreach.
An mhuintir a mbíonn a ndóchas sa Tiarna acu,
is cosúil le Sliabh Shíón iad–
sliabh nach féidir a bhogadh,
ach a sheasfaidh go brách.
2Ar nós na gcnoc is na sléibhte
thart timpeall Iarúsailéim,
bíonn an Tiarna thart ar a phobal,
anois agus choíche.
3Óir ní fhanfaidh ríshlat na n‑éagráifeach
ar fhearann na bhfíréan,
sula ndéanfadh na fíréin a lámha
a iompú chun oilc.
4Déan maith, a Thiarna, do dhaoine fónta,
agus do lucht an chroí dhírigh.
5Ach cuir an ruaig ar lucht na camastaíola
is ar lucht déanta an oilc.
Síocháin go raibh ar Iosrael.
Currently Selected:
Salm 125: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.