Filipigh 3
3
An Fhíréantacht
1Agus mar fhocal scoir, a bhráithre liom, bíodh áthas oraibh sa Tiarna. Níl leisce ar bith orm a bhfuil scríofa cheana agam a scríobh arís chugaibh mar is é bhur leas é. 2Seachnaígí na gadhair! Seachnaígí lucht na mioscaise! Seachnaígí lucht ciorraithe an choirp! 3Is againne atá an fíor-thimpeallghearradh mar is faoi anáil an Spioraid a adhraimid Dia agus is as Íosa Críost atá ár maíomh in ionad dul i muinín na colainne, 4siúd is go bhféadfainnse a bheith teann as an gcolainn chomh maith le cách. Go deimhin cibé duine eile atá teann as an gcolainn, is mó ná sin an bun atá agam-sa le bheith amhlaidh: 5de shliocht Iosrael mé, de threibh Bhiniáimin, Eabhrach den fhíorfhuil Eabhrach, agus timpeall-ghearradh mé ar an ochtú lá. I dtaca leis an dlí bhí mé i mʼFhairisíneach; 6i dtaca le díograis chreidimh bhí mé i mo ghéarleantóir ar an Eaglais, agus i dtaca le fíréantacht dhlithiúil bhí mé gan cháim.
7Na buntáistí seo a bhí agam, áfach, tá áirithe anois agam gur caillteanas glan iad mar gheall ar Chríost. 8Agus ní hé sin amháin é ach áirím gur caillteanas gach uile ní le hais an bhua thar barr atá faighte agam: aithne a chur ar Íosa Críost, mo Thiarna. Ar mhaithe leis sin ligeas an t-iomlán ar ceal, agus tuigtear dom nach raibh ann ach truflais, le go ndéanfainn Críost a ghnóthú 9agus mé a bheith aontaithe leis. Ní hí mʼfhíréantacht féin atá anois agam, is é sin le rá an fhíréantacht a ghabhann le comh-líonadh an dlí, ach an fhíréantacht a ghabhann le creideamh i gCríost, an fhíréantacht a thagann ó Dhia féin agus atá bunaithe ar an gcreideamh. 10Níl uaim anois ach aithne a chur ar Chríost agus ar éifeacht a aiséirí, ar a bheith páirteach leis ina phiolóidí agus a bheith cosúil leis ina bhás 11le hionchas go dtiocfainn ar shlí éigin chun an aiséirí ó mhairbh.
Ag Teannadh chun na Sprice
12Ní hé go bhfuil mo chuspóir bainte amach agam go fóill ná go bhfuilim tagtha chun foirfeachta go fóill; ach leanaim orm ag iarraidh an duais a bhreith liom mar go bhfuil beirthe orm féin ag Íosa Críost. 13Is ea, a bhráithre, ní dóigh liom go bhfuil an báire liom go fóill: níl dá dhéanamh amháin agam ach an bóthar atá gafa a ligean i ndearmad agus luí amach go dícheallach ar an mbóthar atá romham 14agus leanúint orm faoi dhéin na sprice nó go mbeidh an duais bainte agam–an ghairm in airde a tháinig ó Dhia in Íosa Críost. 15An méid againn atá tagtha in inmhe fir, bíodh an dearcadh sin againn. Ach má tá a mhalairt de dhearcadh agaibh-se faoi rud ar bith, cuirfidh Dia ar an eolas sibh faoi sin freisin. 16Cibé scéal é leanaimis den bhóthar atá gafa againn go dtí seo.
Aithris ar Phól
17Déanaigí aithris orm-sa le chéile, a bhráithre. Bígí ag faire ar na daoine a dhéanann de réir an tsampla a thugaimid daoibh. 18Is minic ráite agam cheana libh–agus deirim libh anois é go deorach–go bhfuil mórán ag imeacht ina naimhde do chros Chríost. 19Is é a mbascadh is dán dóibh sin; níl de Dhia acu ach a mbolg agus iad bródúil as a gcuid mínáire agus gan ach nithe saolta ina gceann acu. 20Ar neamh atá ár mbaile dúchais againne, áfach, agus is ó neamh atáimid ag súil lenar bhfuasclóir a theacht, an Tiarna Íosa Críost. 21Déanfaidh seisean an corp uiríseal seo againn a athmhúnlú ar aon dul lena chorp glórmhar féin–as ucht na cumhachta lena bhféadann sé gach uile ní a thabhairt faoina smacht.
Currently Selected:
Filipigh 3: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.