YouVersion Logo
Search Icon

Marcas 3

3
1Chuaigh sé isteach sa tsionagóg uair eile, agus bhí fear ann a raibh lámh leis seargtha, 2agus bhíodar ag faire air féachaint an leigheasfadh sé é lá na sabóide chun go gciontóidís é. 3Dúirt sé le fear na láimhe seargtha: “Tar i leith.” 4Agus dúirt sé leo: “Cé acu is dleathach a dhéanamh lá sabóide, an mhaith nó an t-olc, beatha a shaoradh nó a mharú?” Ach ní raibh focal astu. 5Agus ar dhearcadh timpeall le fearg orthu uile, agus brón air mar gheall ar dhúire a gcroí, dúirt sé leis an duine: “Sín amach do lámh.” Shín, agus bhí a lámh slán arís. 6Ghabh na Fairisínigh amach, agus rinne siad comhairle láithreach leis na Héaródaigh ina aghaidh conas a mhillfidís é.
Na Sluaite ag Leanúint Íosa
7Chuaigh Íosa i leataobh i dtreo na farraige, é féin agus a dheisceabail, agus lean slua mór ón nGailíl é–ó Iúdáia fós, 8ó Iarúsailéim, ó Iodúimé, ón taobh thall den Iordáin, agus ó thimpeall na Tuíre agus Shiodón, tháinig slua mór chuige, nuair a chuala siad a raibh dá dhéanamh aige. 9Agus dúirt sé lena dheisceabail bád a bheith ullamh acu dó mar gheall ar an slua le heagla go mbeidís ag brú air. 10Mar bhí sé tar éis mórán daoine a leigheas, sa chaoi, iad seo uile a raibh aicídí orthu, go mbídís ag plódú air chun baint leis. 11Agus nuair a dʼfheiceadh na spioraid mhíghlana é, chaithidís iad féin síos roimhe agus screadadh siad amach: “Is tú Mac Dé!” 12Ach dʼordaigh sé go dian dóibh gan é a chur in iúl.
An Dáréag dá dToghadh
13Chuaigh sé an sliabh suas agus ghlaoigh sé chuige iad seo ab áil leis féin. Tháinig siad chuige, 14agus cheap sé dáréag mar chompánaigh aige féin agus chun go gcuirfeadh sé uaidh iad ag seanmóir, 15agus údarás acu chun na deamhain a chaitheamh amach. 16Cheap sé an dáréag, Síomón ar ar thug sé Peadar mar ainm, 17Séamas mac Zeibidé agus Eoin deartháir Shéamais ar thug sé Bóinéirgéas mar ainm orthu, is é sin, clann na toirní, 18Aindrias, Pilib, Parthalán, Matha, Tomás, Séamas mac Alfáias, Tadáias, Síomón Cananáiach, 19agus Iúdás Isceiriót an fear a bhraith é.
Diamhasla na Scríobhaithe
20Chuaigh sé isteach agus tháinig an slua le chéile arís sa chaoi nár fhéad siad fiú amháin béile a ithe. 21Agus nuair a fuair a mhuintir scéala air, ghabh siad amach dʼfhonn breith air, mar bhí siad ag rá: “As a mheabhair atá sé.” 22Agus na scríobhaithe a bhí tar éis teacht anuas ó Iarúsailéim, deiridís: “Béalzabúl atá ann,” agus “Is trí phrionsa na ndeamhan a chaitheann sé na deamhain amach.” 23Ghlaoigh sé chuige iad agus labhair sé i bparabail leo: “Conas a fhéadann Sátan Sátan a chaitheamh amach? 24Má bhíonn ríocht ar deighilt ina haghaidh féin, ní fhéadann an ríocht sin seasamh. 25Agus má bhíonn teaghlach ar deighilt ina aghaidh féin, ní fhéadfaidh an teaghlach sin seasamh. 26Agus má tá Sátan éirithe amach ina aghaidh féin agus é ar deighilt, ní fhéadann sé seasamh. 27Ach ní fhéadfadh duine ar bith dul isteach i dteach an fhir láidir agus a urra tí a chreachadh gan an fear láidir a chur i ngéibheann ar dtús, agus ansin ní miste dó a theach a chreachadh. 28Deirim libh go fírinneach, maithfear don chine daonna a gcuid peacaí agus cibé diamhaslaí a dhéanfaidh siad, 29ach duine ar bith a dhéanfaidh diamhasla in aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bheidh maithiúnas le fáil aige go deo, ach tá sé ciontach i bpeaca síoraí,”– 30mar go ndúirt siad: “Tá spiorad míghlan ann.”
Máthair Chríost agus a Bhráithre
31Ansin tháinig a mháthair agus a bhráithre, agus ina seasamh dóibh amuigh chuir siad scéala chuige ag glaoch air. 32Bhí slua ina suí timpeall air, agus dúirt siad leis: “Tá do mháthair agus do bhráithre amuigh do dʼiarraidh.” 33Dúirt sé leo dá bhfreagairt: “Cé hiad mo mháthair agus mo bhráithre?” 34Agus ag dearcadh dó ar a raibh ina suí timpeall air, dúirt: “Seo iad mo mháthair agus mo bhráithre! 35Óir, duine ar bith a dhéanfaidh toil Dé, sin é mo bhráthair agus mo shiúr agus mo mháthair.”

Currently Selected:

Marcas 3: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in