Séamas 4
4
Easaontas
1Cad faoi deara cogaí agus cathanna a bheith in bhur measc? Nach é seo, go bhfuil bhur n-ainmhianta ag troid le chéile in bhur mbaill bheatha? 2Santaíonn sibh rud éigin agus níl sé agaibh; maraíonn sibh agus lorgann sibh, ach ní féidir daoibh teacht air; fearann sibh cath agus cogadh, ach ní fhaigheann sibh seilbh mar nach n-iarrann sibh. 3Iarrann sibh rud, ach ní fhaigheann sibh mar nach n-iarrann sibh go cuí, ach lena chaitheamh ar bhur n-ainmhianta. 4A striapacha, nach bhfuil a fhios agaibh gur cuma cairdeas an tsaoil seo nó eascairdeas Dé? Dá bhrí sin an té ar mian leis a bheith ina chara ag an saol seo, déanann sé namhaid Dé de féin. 5Nó an dóigh libh gur gan fáth a deir an scrioptúr: “Bíonn sé ag tnúth le héad leis an spiorad a chuir sé a chónaí ionainn?” 6Ach tugann sé breis grásta, agus uime sin deir sé: “Cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach tugann sé grásta do lucht na huirísleachta.” 7Géilligí dá bhrí sin do Dhia; cuirigí i gcoinne an diabhail agus teithfidh sé uaibh. 8Druidigí i gcóngar Dé agus druidfidh Dia in bhur gcóngarsa. Nígí bhur lámha, a pheacacha, agus glanaigí bhur gcroí, sibh-se atá ag cogadh le bhur n-aigne. 9Bígí go dearóil, ag gol is ag caoineadh. Bíodh bhur ngáire ina ghol agaibh, agus bhur lúcháir ina gruaim. 10Déanaigí sibh féin a ísliú os comhair an Tiarna agus ardóidh sé sibh.
11Ná bígí ag tromaíocht ar a chéile, a bhráithre. An té a dhéanann tromaíocht ar bhráthair, nó a dhaorann a bhráthair déanann sé tromaíocht ar an dlí agus daorann sé an dlí. Ach má dhaorann tú an dlí, ní dá chomh-líonadh a bhíonn tú ach dá dhaoradh. 12Níl ach aon reachtóir agus aon bhreitheamh amháin ann, agus tá cumhacht saortha agus scriosta aige-sean . Ach cé hé thusa le breith a thabhairt ar do chomharsa?
Rabhadh
13Féachaigí anseo sibh-se a deir: “Rachaimid go dtí a leithéid seo de bhaile inniu nó amárach agus caithfímid bliain ann agus beimid ag trádáil ann agus ag déanamh airgid.” 14Níl a fhios agaibh céard a tharlóidh amárach. Céard é bhur mbeo? Níl ionaibh ach mar ghal a thaibhsíonn ar feadh tamaill bhig agus a théann ar ceal ansin. 15In ionad a rá: “Más é toil an Tiarna é, mairfimid agus déanfaimid seo nó siúd.” 16Ach mar atá an scéal, nach sibh atá ag maíomh le barr sotail! Is olc é gach maíomh den sórt sin. 17An té arb eol dó céard is ceart a dhéanamh agus nach ndéanann é, is peaca dó é.
Currently Selected:
Séamas 4: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.